Saturday, January 15, 2005

Feachtas Concern

Is dea-scéal é an fógra seo ó Concern go bhfuil a ndóthain airgid bailithe acu chun an clár oibre atá leagtha amach acu do reigiún an tsunami a chur i gcrích. Ta an-mhuinín agam as an eagraíocht neamh-rialtais seo agus grupaí eile dá leithéid. Agus is cinnte go bhfuil áird an phobail tarraingthe ag an dtubaiste seo. Bimís ag súil go gcoimeádfar an tsuim seo san obair atá á dhéanamh ag na h-eagraíochtaí seo ar fud an domhain.

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Chonaic mé an scéal seo inniu faoi Airbus:
http://thescotsman.scotsman.com/international.cfm?id=66782005Níl aird gach éinne ar an tubaiste, de réir dealraimh...

19 January, 2005 20:44  
Arsa Blogger Conn ...

Tá an scéal sin do-chreidte, nách bhfuil? Ní mór an cur amach atá agamsa ar chúrsaí trádála idirnáisiúnta, ach shílfeá go mbeadh bun-prionsabal ann nách gcuirfí bacanna den tsort sin ar thíortha i gcruachás. Tá an charthanacht maith a dhóthain, ach nach fearr go mór más féidir le tíortha bealach na trádála a thógaint amach as an mbochtanas?

20 January, 2005 11:27  

Post a Comment

<< Home