Monday, April 18, 2005

Scéal Náireach Tristan Dowse

Bhí buachaill beag uair, dárbh ainm Tristan. Bhí cónaí air in éineacht lena athair agus a mháthair, agus a dheirfiúir mhór, Tata. Sin é an saol a bhí aige - agus níorbh eol dó aon saol eile. Lá amháin, nuair nach raibh sé ach dhá bhliain d'aois, thug a Dhaidí é go dtí áit stróinséartha. Dílleachtlann a bhí san áit seo, agus bhí sé lán de leanaí tréigthe, gan mháthair gan athair. Bhí teanga eachtrannach á labhairt ag gach éinne sa díleachtlann, agus níor thuig éinne caint Tristan. D'fhág Daidí Tristan sa díleachtlann, agus níor tháinig sé thar n-ais. Theith sé féin, agus a bhean, agus a n-iníon amach as an dtír. Fágadh Tristan ina ndiaidh.

Dá mbeifeá ag iarraidh scéal fíor-ghránna a chumadh, scéal a scanródh leanaí beaga agus a chorródh as suaimhneas a gcodlata iad, ní éireódh leat ceann níos measa ná seo a chumadh. Agus tá gach uile fhocal fíor.

Tá tuairisc anseo, agus ceann eile, ón Irish Examiner.

Tá sé geall le do-chreidte go bhféadfadh aon duine cleas chomh gránna, chomh náireach, a imirt ar leanbh beag neamh-urchóideach. Dar leis na tuairiscí nuachtán, maíonn "Daidí" gurb amhlaidh "nár oibrigh sé amach".

Níor oibrigh sé amach? Dár le cén duine? Cad é go díreach an rud nár oibrigh amach? Agus munar oibrigh, cén leigheas ar an scéal é an leanbh - an leanbh! - a dhíbirt amach as a theaghlach?

Cogar i leith a "Daidí", go míneodsa rud éigin duit. Nuair a thógann tú cúram clainne ort féin, le h-uchtú nó le breith, níl aon dul siar air. Nuair a thugann tú póigín na h-oíche do do mhac, ní póg an bhraith é. Nuair "ná oibríonn sé amach", ní féidir leat an buachaill a thabhairt thar n-ais. Nuair a ghlacann tú le cúram an athar, is mó an dualgas atá ort i leith an linbh sin ná i leith aon neach beo, tú féin agus do bhean chéile san áireamh.

Táim ar dearg-bhuile faoin scéal seo. Is é an príomh-chúram ar chóir a bheith ar Aire Ghnóthaí Eachtracha na tíre seo anois ná leas an linbh Éireannaigh seo a chinntiú agus a chearta a fháil dó. I ndiaidh san, ba chóir dos na Gárdaí agus an DPP an cás a iniúchadh, agus má bhíonn sé de dhánaíocht ag "tuismitheóirí" Tristan go deo filleadh ar Éirinn, bheinn ag súil go dtaispeánfaí dóibh cén meas atá ag pobal agus dlíthe na tíre seo orthu san a thréigeann a leanaí.

Lipéid: ,

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

caithfidh go bhfuil dlí éigin i gcoinne an tréigeadh seo? dá mba rud é gur gaol giniteach ab ea an leanbh seo, an mbeadh sé de cheart ag Dowse é a fhágaint thar lear?

20 April, 2005 13:16  
Arsa Blogger Conn ...

Ní dhéantar aon idirdhealú idir leanaí uchtaithe agus leanaí nádúrtha ó thaobh an dlí dó - mar is cóir. Sílim gur cóir breathnú ar an lánúin seo mar teifigh ón ndlí, nó mar a deir na Meiriceánaigh: "fugitives from justice". Tá súil agam go mbéarfar orthu - ach 'sé leas Tristan an príomh-chuspóir fé láthair.

22 April, 2005 11:00  

Post a Comment

<< Home