Wednesday, March 16, 2005

Cois Cuain

An sobaldráma is fearr in Éirinn - tá sé i nGaeilge, ach ní ar Ros na Rún atáim ag caint. Craoltar Cois Cuain ar Radio na Gaeltachta. Ní fheadar go cruinn cén sceideal craolta atá aige, ach tá sé cloiste go minic agam mar mhír sa chlár "Cuideachta", a bhíonn ar siúl ó Luan go Déardaoin ag a 3 a chlog i.n.. Tá scoth na h-aisteoireachta agus na léirithe ann, ach dar liom 'sé caighdeán na scríobhóireachta an gné is tabhachtaí den sort seo drámaíochta, agus níl sárú Chois Cuain ann.

Ní mór an cur amach atá agam art na carachtaeirí ná ar an scéal - níl sé cloiste minc a dhóthain agam. Ach is aoibhinn liom an chaint a bhíonn acu. Comhráití beoga, bríomhara nádúrtha i nGaeilge bhinn Thír Chonaill. Caint nádurtha a chloisfeá ar an sráid, sa tsiopa - nó dá mba chuil ar an bhfalla tú - i gcistiní dhúiche ar bith.

An comhrá idir an déagóir Imelda agus a máthair, a chuala Dé Luain, mar agallamh drámatúil bhí sé chomh maith le h-aon rud a chuala riamh. An teannas agus an choimhlint, an gliceas agus an deisbhéalachas, an casadh tobann agus an t-ábhar drámatúil - bhí na píosaí riachtanacha go léir ann - agus caint bhreá líofa nádúrtha. Bhaineas an-phléisiúr as, mar ar léir gur bhain na h-aisteóirí chomh maith céanna. Maith thú a scríobhnóir, agus maith sibh RnaG na nDoirí Beaga!


Tá an t-uafás ama á chaitheamh agam sa charr na laethanta seo. Rud a thugann deis dom leithéidí Chois Cuain a chlos. Ach dá fheabhas í seirbhís RnaG, ní féidir do chluas a choimeád leis an raidio an lá ar fad. Tá sé i gceist agam cóip de SnaG'05 a cheannach go luath, ach láthair na h-uaire táim ag éisteacht le Éist, a fuaireas ar iasacht le déanaí. Paul Brady agus Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair! Iontach - beidh an téip caite agam sara fada má leanann an síorchasadh seo!

Lipéid: , , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger brendan ...

Tá aithne agam ar Pól Mac Bhloscaidh ("Fred" McCluskey) a/k/a Vince ar Ros na Rún. Is aisteóir (agus ceóltóir) maith é, ach níl Gaeilge ar bith aige! Léann sé a chuid líne as "cue cards".

01 April, 2005 14:45  
Arsa Blogger Conn ...

Sin ceann maith, a Bhreandáin, ach an bhfuil tú i ndáiríre, nó an scéal Amadán Aibreáin atá agat? ;-)

05 April, 2005 02:09  

Post a Comment

<< Home