Wednesday, November 09, 2005

An tImeall #38 : Oscars na mBlaganna

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Tá rannóg Ghaeilge molta dos na Irish Blog Awards. 'Sé mo thuairimse gur chóir an teideal "Best Irish Language Blog" a leathnú go dtí “Best Use of the Irish Language in a Blog”. Tá mo thuairim curtha in iúil agam go dtí lucht eagraithe na nduaiseanna ar an suíomh seo. Cad a cheapann sibhse?
  • Scéal an Phíobaire
  • Cloisfear an tImeallach ar an raidió anocht - ar an gclár Tobar an Cheantair, ar KCLR 96FM i gCeatharlach.
  • Ceol Podslán: Shine On Me, le hellozero
Lipéid: , , ´

4 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

This comment has been removed by a blog administrator.

10 November, 2005 16:31  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

(Ní féidir le duine botún cló a dheisiú sna nótaí seo gan an chéad cheann a scriosadh).

Maidir le comórtais, táim sásta má léann fiú duine amháin aon rud a scríobhaimse. Tá a bhua féin ag gach blog atá ann go fóill, dar liom, agus cad a bheadh ann mar chritéir? An minic a scríobhtar? An mó? An maith? Dearadh de? Cion na ndaoine air? Umhir hits? Nílim cinnte gur maith an smaoineamh é seo. Cén seans a bheadh ann do bhlog gan Bhéarla agus iad sa roinn céanna, leis?

10 November, 2005 16:35  
Arsa Blogger Conn ...

Ní léir ag an bpoinnte seo cad iad na critéir a bheadh i gceist do aon rannóg i measc na nduaiseanna seo. Sílim gurb é an cuspóir ar chóir a bheith ag duaiseanna ar bith ná daoine a ghríosadh. An bua a chímse a d'fhéadfadh a bheith ag rannóg Gaeilge ná go spreagfaí tuilleadh blagadóireachta i nGaeilge. Má bhíonn an toradh sin air is cuma cé aige nó aici a bhíonn an chraobh!

An chúis go bhfuil seo á mholadh agam ná nach dteastaíoinn uaim go bhfágfaí scoth-bhlagadóireacht Ghaeilge (mar shampla - féach anseo) as an áireamh toisc go bhfuil míreanna i mBéarla ar an suíomh chomh maith.

11 November, 2005 00:18  
Arsa Blogger Conn ...

Ceartúchán! Seo an nasc spailpin.blogspot.com (Is fíor dhuit a Shéamais: is trua nach féidir sean-thráchtaireachtaí a cheartú.

11 November, 2005 13:52  

Post a Comment

<< Home