Tuesday, November 08, 2005

An tImeall #37 : Fáilte don Éan

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime

Failte don Éan
le Séamas Dall Mac Cuarta (1647? - 1733)

Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
Labras ar chaoin na dtor le gréin;
Domsa is fada tuirse an tsaoil,
Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir.

Gach neach dá bhfeiceann cruth na n-éan,
Amharc Éireann, deas is tuaidh,
Bláth na dtulach ar gach taoibh -
Is dóibh is aoibhne bheith á lua.

Cluinim cé nach bhfeicim gné,
Seinm an éin darb ainm cuach;
Amharc uirthi i mbarra géag,
Mo thurise géar nach mise fuair.

Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar mo amharc a fháil
Go bhfeicfinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
Cuid de mo ghruaim nach gluaisim ag cruinniú le cách,
Le seinm na gcuach ar bhruach na coille go sámh.


Lipéid: , , ,

3 Freagraí:

Arsa Blogger Cionaodh ...

Rogha ana-dheas agus aithris ar fheabhas . . . mo cheol thú!

08 November, 2005 15:29  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Cheap mé gur an-ait é an rann atá ag an deireadh bheith difriúil ar fad ó na cinn eile. Feicim ar shuímh eile go mbíonn 'An tAmhrán' mar theidil roimh an rann seo.
Seo sampla, agus aistriúchán leis (níl an Ghaeilge seo éasca!)
http://ballinagree.freeservers.com/cuach.html

08 November, 2005 21:45  
Arsa Blogger Conn ...

Waltz is ea an véarsa deireannach - nach ea? :-)

10 November, 2005 08:31  

Post a Comment

<< Home