Friday, November 25, 2005

An tImeall #49 : An Ríomhaire Glúine ar $100

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
LáTáim an-thógtha le scéal a chuala i gcaitheamh na seachtaine. An cuimhin libh Nicholas Negroponte? Is é atá ina chathaoirleach ar an Media Lab in Institiúid Teicneolaíochta Massachussets (MIT). Bhí an-thrácht air sa tír seo nuair a bunaíodh Media Lab Europe i mBaile Átha Cliath, le tacaíocht ón rialtais. Faraoir, dúnadh MLE ag tús na bliana seo. Níor éirigh leo tacaíocht airgeadais a mhealladh ó chomhlachtaí príomháideacha agus ní raibh an rialtas sásta leanúint orthu á mhaoiniú. Ach tá Media Lab MIT i mbun taighde i gcónaí agus d'fhógair siad tionscnamh ar leith an tseachtain seo chaite: an "riomhaire glúine ar $100".

Conas is féidir ríomhaire glúine a dhéanamh chomh saor? Níl aon diosca crua ann chun na comhaid a chur i dtaisce, ach cuimhne "flash" - an stuif céanna a bhíonn sna cipíní USB atá ag tógaint áit na bhfloppies le tamall anuas. Ná níl aon foinse cumhachta aige ach an oiread - ach hanla tochrais clogoibríoch. Má deintear an hanla a chasadh ar feadh nóiméad, cuirfidh sé oiread cumhachta ar fáil agus a choimeádfaidh an ríomhaire ar siúl ar feadh 40 nóimeád. An cuimhin libh an "clockwork radio" a ceapadh roinnt bhlianta ó shin? Seo an smaoineamh céanna, agus tá sé dírithe ar an margadh céanna: lucht an tríú domhain.

Cuimhnigh ar an deis a thabharfaidh seo do intinní óga éirimúla an tríú domhain, a scileanna a fhorbairt chun go bhféadfaidís oibriú ar son leasa a bpobail. Tá méadú as cuimse tagtha ar tháirgiúlacht an domhain fhorbartha le leathnú na teicneolaíochta faisnéise. Sin é an sprioc atá ag an ngrúpa seo, "One Laptop Per Child". Teastáionn uatha síol na forbartha sin a chur i measc páistí an tríú domhain. Tiocfaidh na ríomhairí seo le cumas líonra "Mesh" a chur i gcrích le comharthaí raidió idir na ríomhairí sa chomharsanacht. Agus beidh bogearra "foinse oscailte" aige chun go spreagfar na leanaí chun dul i mbun forbartha ar an mbogearra dóibh féin.

Cé go n-admhaítear gur dócha go mbeidh an loinnir ó scáileán an ríomhaire seo ar an bhfoinse solais is gile i gcuid des na tithe ina mbeidh sé in úsáid, ná ceaptar mar sin féin gur cur amú acmhainní é na h-úirlisí seo a thabhairt do dhaoine atá chomh gann sna riachtanaisí bunúsacha. Tá teicneolaíocht na faisnéise ag cothú na forbartha sna tíortha seo le stáir, agus tá cumas nach beag á léiriú ag na daoine agus iad á láimhseáil. Tá líonraí teileafóin so-ghluaiste ag leathnú i gceantracha iargúlta anois agus iad ag feabhsú na cumarsáide in áiteanna ná leagfaí cáblaí go deo. Agus an bhfuil gréasán siopaí teileafóin acu mar atá anseo in Éirinn? Níl ná é: ach tá seastáin i margaí na sráide a chuirfidh caoi ar do fón póca ar phraghas réasúnta. Cad a dheinimíd anseo in Éirinn nuair a imíonn an gíog as an bhfón againn? Caithfimíd uainn é, mar go ndeireann lucht na siopaí fón linn nach fiú an costas iad a dheisiú agus praghas an fhóin nua chomh h-íseal.

Níl a fhios agam ar deineadh scéal Negroponte a chlúdach ins na mór-mheáin chumarsáide in Éirinn. Má dhein, ní uatha a chuala é. Bhi an scéal ag an irisleabhar Wired, ach ní ann a léas é ach an oiread. Fuaireas an t-eolas ó foinse idirlín, ach ní ón léitheoireacht in aon chor a tháinig sé ach isteach i mo dhá chluais i bhfoirm phodchraolta. Tá an podchraoladh cosúil le clár raidio, ach gur féidir leat éisteacht leis uair ar bith is mian leat. Tá sé cosúil leis an idirlíon, ach gur féidir leat é a aistríu ón ríomhaire go dtí seinnteoir so-ghluaiste ar nós iPod agus é a thabhairt leat amach faoin aeir. 'Sea, agus saortar do lámha óna cnaipí, agus do shúile ón scáileán chun gur féidir leat rudaí eile a dhéanamh, díreach cosúil leis an raidió. Ag an am a chuala scéal an ríomhaire chlogoibrígh, bhíos ag tiomáint ar bhóithre Chontae Luimní.

Is ar bhlag, 'sé sin "weblog" pearsanta le duine darb ainm Justin Mason a léas an scéal faoi dheisitheóirí fón na hIndia. Agus tá gné suntasach amháin eile ag an mblagadóireacht agus ag an bpodchraoladh: 'sé sin gur féidir le h-aon duine é a dhéanamh. Ní gá tarchuradóir agus ní gá ceadúnas - ná ní gá trealamh costasach ach an oiread. An podchraoladh a thug chugam scéal an ríomhaire ghlúine, Technolotics, tá sé dá chur amach ag dornán mac léinn i mBaile Átha Cliath. Baineann siadsan úsaíd as áiseanna an stáisiúin ollscoile Trinity FM chun é a thaifeadadh, ach ní gá fiú an méid sin a bheith agat. Ar cheann des na podchraoltaí is mó éisteachta ar domhain i láthiar na h-uaire tá Dawn and Drew. Meastar breis agus 100,000 éisteoir acu sin, ach níl de threalamh fuaime acu ach ríomhaire glúine agus micreafón neamhchostasach. Is é sin an trealamh céanna atá in úsáid agam féin ar an Imeall. Eisítear podchraoladh nua ar an suíomh idirlíon An tImeall gach lá ó Luan go hAoine - agus ar an Aoine feasta déanfar comhfhoilsiú ar ábhar phodchraolta an lae sa nuachtán . Má tá seo a léamh agat sa pháipéar, tugtar cuireadh duit go dtí an suíomh imeall.blogspot.com, aít a gheobhaidh tú nascanna go dtí na foinsí idirlín ar a bhfuil an píosa cainte seo bunaithe, chomh maith le comhad fuaime MP3 ionas gur féidir leatsa, más mian leat é, sos a thabhairt dod' shúile, agus éisteacht leis an nuachtán!

Beidh mé ag caint libh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

4 Freagraí:

Arsa Blogger Proinsias ...

Mo Cheol thú, a hImeallach, agus comhgháirdeachas as an talt atá scríofa agat don nuachtan LÁ! Léigh mé é anois beag. Tá bua na cainte Ghaelach agat, cinnte, agus is brea liom é a chloisint tar éis na cianta. Tá an cineál céanna Gaeilge agat agus a d'fhoghlaimigh mé féin i gCo. an Chláir im' óige. Is áis iontach é don foghlaimeóir bheith in ann éisteacht le fuaimeanna binne na teangain, agus a bheith á léamh ag an am céanna. Má tá forbairt le déanamh ins an teanga, agus méadú ar líon a gcainteóirí, is tríd an méan seo agatsa is fearr a bhféadfaí é sin chur i gcrích.

Imeallach ABU! Gaeilge ABU!

Proinsias

25 November, 2005 08:58  
Arsa Blogger aonghus ...

Deacair gan "Mise freisin" a rá, maidir leis an alt. Gura fada buan iad.

25 November, 2005 10:20  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Go hiontach. Ach cá bhfuil an ceol?

25 November, 2005 16:36  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agaibh go léir, agus fáilte romhaibh a Phroinsias agus a Liam.

A Liam, is iontach an rud é nuachtán Gaeilge a fháil tríd an ndoras! Dá gcífeá an trioblóid a bhíonn orm Lá a fhaíl sa taobh seo tíre.

A Shéamais, gabh mo leiscéal - níor mhíníos i gceart cad a bhí ar siúl agam. An ceol atá luaite anseo le The Reverse Engineers, sin é an ceol atá in úsáid ag tús an chláir mar cheol aitheantais. Chasas an t-amhrán ina iomláine ar Imeall #23, agus tá an píosa iontrála á úsáid agam mar cheol aitheantais ó shin i leith. Bhíos idir dhá chomhairle ar chóir dom creidiúint a thabhairt dóibh i ngach uile phodchraoladh ach tá an cheist sin réitithe agam dom féin anois. Luaifear foinse gach phíosa ceoil a mbainfear úsaíd as feasta, ins na nótaí ar an mblag, agus i lipéidí ID3 an chomhaid MP3.

26 November, 2005 08:42  

Post a Comment

<< Home