Monday, October 10, 2005

An tImeall #23 : Ahem ... Seo é an Tríú Phodchraoladh Fichead i nGaeilge ...

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Ceol Podslán: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers.
  • Podchraoladh RnaG/RTE. Fuair Hilary freagra ar fhiosrúchán a bhí déanta aici le RTE ar an gceist. Tá alt i bhFoinse an lae inné ar an ábhar:
    "Chuile sheans áfach nach ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a thiocfaidh an chéad phodchraoladh i nGaeilge, ach ó stáisiún raidió beag pobail ar chósta thoir na hÉireann, NEAR FM."
    Caol sheans, a déarfainnse, go mbeidh an "an chéad phodchraoladh i nGaeilge" ag ceachtar den mbeirt acu, os rud é go bhfuil an podchraoladh san craolta cheana - anseo ar an Imeall - i mí Iúil na bliana seo. Fáilte go dtí an gcóisir! Sin ráite - 'sé atá de dhíth orainn ná tuillead podchraoltaí Gaeilge!
  • Rex Hammock ar ábhar an Phodchraolta: "Thank god podcasting was not a corporate idea. And not even an idea of the Silicon Valley tech intelligensia. (Although open-source alpha-geeks jumped in fast and furious.) The podcasting horse left the barn too fast for anyone to make up rules about what it should or shouldn't be...except that there are no rules. It took off too fast for anyone to claim it (although Dave Winer and Adam Currey get my vote), brand it, define it or even explain it."
Lipéid: , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home