Friday, December 09, 2005

#57: Dá mbeadh uirlisí blagála ag Newton agus Leibniz?

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
LáTá sraith nua úirlisí cumarsáide agus faisnéise dá togáil i láthair na h-uaire ar an idirlíon ar a ghlaonn daoine áirithe "Web 2.0" ("Web-Two-Point-O", nó "Gréasán-A-Dó"). San áireamh seo, tugtar Web 1.0 ar an gcéad bhorradh mór ar cuireadh stop leis le briseadh na "dot-coms" i 2001. Ach le bliain nó dhó anuas, tá sruth caipitil fiontraíochta ag cothú úrchomhlachtaí beaga i "Silicon Valley" agus tá gach éinne ag faire don "Next Big Thing".

Ar na gnéithe is suntasaí den bhforbairt seo, tá go bhfuil cuid mhór de ag dul ar aghaidh os comhair an phobail. I stair na forbartha daonna, tá go leor foinsí dialainne agus litreacha ar fáil a thugann léargas ar phróiséas cruthaitheoireachta agus ar dhianshaothar núálaithe móra na staire. Leithéidí Edison, Franklin agus fiú Henry Ford, tá tairbhe le baint as a gcuid scribhinní i gcónaí ag lucht a léite. Ach má spreagtar aon smaointí maithe in aon duine a léann na foinsí sin sa lá tá inniu ann, ní h-aon chabhair é sin anois dos na h-údair. 'Sé sin le rá: ní bhíonn saoi gan locht, agus cá bhfios cén cúnamh a bhí ann dos na h-eolaithe mór-le-rá seo dá mbeadh pobal mór léitheoirí acu ag cíoradh agus ag plé a gcuid tuairimí ar bhonn laethúil?

Tá forbraitheoirí na n-úirlisí cumarsáide nua ag baint úsáid as na h-úirlisí céanna chun a gcuid tuairimí a roinnt agus chun meastóireacht agus tuairimí a lorg ó shaineolaithe eile agus ón bpobal i gcoitinne. Is deacair a rá cé tá ina cheapaitheoir ar cad, agus an oiread tras-phailnithe agus atá ar siúl! Samhlaigh dá mbeadh úirlisí blagála ag mór-fhigiúirí na staire. An mbeadh "Conspóid an Chalcalais" againn mar ar éirigh idir lucht tacaíochta Newton agus Leibniz araon sa 17ú aois, maidir le cé acu a bhí ina "athair" ar an ngné nua sin den Mhatamaitic?

Ní nach ionadh, agus nádúr an duine mar atá, is cosúil nach cosaint iomlán iad na h-úirlisí iontacha seo ar an achrann. Bhí sé ina mórchonspóid an tseachtain seo i measc ceannródaithe an phodchraolta, nuair a tháinig sé chun solais go raibh an cúntas ar fhorbairt na teicneolaíochta sin sa chiclipéid shaor, Wikipedia, leasaithe go h-anaithnid ag duine des na forbraitheoirí céanna, Adam Curry. Is féidir le h-aon duine an Wikipedia a leasú chun go dtiocfadh sé lena dtuairimí féin, rud ar léir ón mír ar Slugger O'Toole ag tagairt do scéal an Sunday Independent maidir le cogadh an athbhreithnithe idir Náisúnaithe agus Aontachtaithe an Tuaiscirt ar leathanaigh an Wiki.

Tá scéal an achrann in Irish Ferries - ach go h-áirithe sa mhéid is go bhfuil baint aige le "Boston v. Berlin" - ag cothú na díospóireachta i measc blagchruinne na hÉireann. Tá ainilís mhaith ar an bplé sin ar an mblag Winds and Breezes agus tá léargas ar éagsúlacht na dtuairimí ar an gceist sna tráchtaireachtaí ar an mblagmhír sin. Meabhraíonn Andrew Ó Baoill dá léitheoirí gur cuid de bhonneagar riachtanach an oileáin é an tseirbhís farantóireachta agus lastais, chomh maith le bheith ina ghnó príomháideach.

Tá tagairt do iompar na meán i leith scéal Irish Ferries in alt de chuid An Spailpín Fánach cé gurb é scéal Ivor Callely mór-ábhar an ailt chéanna aige. Blag dátheanganch atá ag an Spailpín, agus é ag cur síos ar réimse leathan ábhar. Ach cé h-é an Spailpín féin? Nach 'in í an cheist? Ní fheadar éinne ach an oiread cé h-é an gaelbhlagadóir is déanaí atá tagaithe ar an saol: Liam Ó Ráiste. N'fheadar an bhfuil faic sa Wikipedia faoi?

Bead ag caint libh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Conn,

Chonaic mé an 'link' - go raibh agat.

Tom

10 December, 2005 10:03  
Arsa Blogger Conn ...

Tá fáilte romhat, Tom. Bhain mé an-taitneamh as an agallamh sin a dhein tú le Michael Arrington.

10 December, 2005 11:05  

Post a Comment

<< Home