Monday, December 12, 2005

#58: An Eolaíocht

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Scéal Newton agus Leibniz agus Stair na hEolaíochta. Newton ar cheann des na hEolaithe is túisce go n-instear a scéal do dhaltaí eolaíochta, is dócha toisc chomh bunúsach agus chomh h-iontach agus atá a shaothar. Dlithe na gluaiseachta, an mheicníocht, an fuinneamh. Domhantarraingt! Agus an t-úll! Ar na ceisteanna is bunúsaí: cad tá dom' ghreamú anseo?
  • Tá scéalta toraíocht an eolais chomh suimiúil le h-aon rud eile sa stair. Helix Dúbailte an DNA nó aistear Darwin ar an "Beagle".
  • Ceathairníní!
  • Léarscáil Frappr Irish Gaelic Translator.
  • Beannachtaí na Nollag. Dein do theachtaireacht a thaifeadadh agus seol go dtí imeall@gmail.com
  • Císte Nollag
  • Ullamh don Reoán
  • Ceol Podslán: Cruel Weather le Mike Chappelear. Do Hilary!
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

3 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Ladhbnits, a chara. Bíonn an dara litir an ceann a chloistear idir 'ie' agus' ei' sa Ghearmáinis.

12 December, 2005 15:27  
Arsa Blogger aonghus ...

Tá reoán feicthe agam ar icing ar chíste.

Agus an ceart ar Séamas maidir le Gottfried.

12 December, 2005 22:10  
Arsa Blogger Conn ...

Agus dhá lá caite agam ag caint ar an bhfear bocht! "Adding insult to injury" a bhíos! ;-)

Reoán! Go rabih maith agat a Aonghuis, agus ag Kay Uí Chinnéide a chuir r-phost chugam. Leasóidh mé teideal an phictiúir sin anois.

13 December, 2005 07:38  

Post a Comment

<< Home