Monday, February 20, 2006

#88: Réiteach?

Nasc díreach leis an gcomhad fuaimeTáim fíorbhuíoch do gach éinne a nocht a dtuairimí ar an gceist a chuireas an tseachtain seo chaite. Bhí cabhair agus comhairle mhaith i ngach aon cheann acu - agus bhí greann i gceann amháin!
An féidir leatsa freastail ar dhá mháistir? Aon lá amháin a theip orm d'alt a léamh, (inné), agus nuair a d'fhilleas, ní raibh romham ach sop de bhoigearán Béarla! Bhuail sé liom mar bhualadh "plap" ba, i measc bláthanna an Earraigh.

Go bhfóire Dia orainn!!!

Is féidir liom dul 'chuile áit chun a lethéid d'fháil, ach, go dtí aru inné ní raibh ach áit amháin le dul chun chúmhra úr ár dteanga dhúchais a léamh, agus a chloisint, i dteannta a chéile, sa chaoi a cheap Dia dúinn é.

Impím ort gan an "meascán marfach" a scaoileadh orainn ar do bhlag! Nach dtuigeann tú gurbé an Béarla an t-aon "arm ollscriosadh" atá ag bagairt ar an Ghaeilge? Tá tú ag damhsa leis an dorchacht!!!

Coimeád uainn é! Chuir sa leithreas é, faoin teideal "Ál John Bull.blogspot.com"

Béarla = Ola dubh greamaitheach ar tránna gheala an Ghaeilge.

Fág dúinn ár linn, ár foinse neamh-thruaillaithe Gaeilge ar an Imeall
An spórt! Agus aontaím leat a Phroinsias – cé go ndúirt tú níos deánaí go rabhais ró-dhian - aontaím go h-uile leis an bpointe anseo agat. Sin é atá á rá agam le fada: Má fhoilsíonn tú i mBéarla níl ionat ach braon sa tuille, ach tá géar-ghá le h-ábhar i nGaeilge.

Ach féachaimís ar an bhfeabhas atá tagaithe i gcúpla mí. Thagair Nicole don bpléascadh mór sna blaganna Gaeilge le bliain anuas. Dhá bhliain ó shin bhíos in ísle brí ag machnamh ar chúrsaí Gaeilge ar an idirlíon. Suíomhanna breátha staiteacha – cé gur maith iad iontu féin, ach bhí radharc ar shaol eile ar fad le fáil ó bhlagasféar an Bhéarla. Ábhar úr, tráthúil, á tháirgeadh ag gnáth-úsáideoirí. Nascadh agus tagairt do mhíreanna ar bhlaganna eile. Tráchtaireachtaí. Plé! Deineann Séamas tagairt don easpa plé ar an idirlíon Gaelach – ach is dóigh liom go bhfuil sé ag teacht. Teastaíonn líon mór úsáideoirí chun díospóireacht a chothú, agus tá siad ag teacht, a Shéamais, diaidh ar ndiaidh. Tá seo go léir ag fás ar bhonnsraith na gclár plé ar nós Beo.ie, agus anois tá úirlisí nua againn leis na blaganna seo.

Táimíd ag foghlaim cleasanna nua anseo, mar atá pobail éagsúla an domhain mhóir ag foghlaim. “Users and developers party together” an mana a bhí ag forbróirí an phodchraolta. Mar atá ráite agam cheana, is ionann na táirgitheóirí agus na tomhaltóirí sa réimse áirithe seo – agus táimíd ag cruthú meán nua dúinn féin, meán saoránach. Nílimíd ag iarraidh fáil réidh leis na meáin traidisiúnta, ná leis an iriseoireacht ghairmiúil. Cá mbeimís gan Charlie Bird? Ach féach gur féidir linn cur lena saothar – go h-áirithe i réimse na foilsitheoireachta Gaeilge, ina bhfuil na h-acmhainní chomh gann. Bíonn Lá tanaí a dhóthain uaireanta, ach nach mór an chéim ar aghaidh go bhfuil páipéar laethúil againn? Is oth liom na bearnaí móra Béarla in sceideal TG4 (cé gur mór an spórt é “Pimp My Ride”!), ach is aoibhinn liom go bhfuil eachtraí Dora, Spongebob agus Scooby Doo i nGaeilge ar fáil do mo leanaí.

Ná cáinimís ár meáin Ghaeilge – cuidímís leo. Ná bímís ‘nár suí ar ár dtóineanna ag pusaíl nach bhfuilimíd sásta leis an seirbhís atá curtha ar fáil dúinn. Cuirimísne, na tomhaltóirí, le h-iarrachtaí na dtáirgitheoirí agus líonaimís isteach na bearnaí Béarla. Sin é an smaoineamh a bhí ag “Bean in Éirinn” an tseachtain seo chaite. Chonaic sise an bhearna atá sa bhlagasféar ag an deireadh seachtaine nuair atá na h-oifigí iata agus na blagadóirí amuigh faoin aeir! Bheartaigh sí ar an mbearna a líonadh agus tá sé curtha roimpi féin aici go dtosnóidh sí "Nuachtán Domhnaigh" don nGaeilge ar an idirlín, le foilsiú úr ar a blag gach Domhnach. Bearna eile líonta!

Ní amháin go bhfuil buile eile ar son foilsíu na Gaeilge tugtha ag an mBean, ach spreagadh mise ag an samhail nuachtán a d’úsáid sí chun réiteach mo cheiste féin a aimsiú. Agus seo é an réiteach: Más é An tImeall mo “” pearsanta féin, cad ‘na thaobh ná beadh “Daily Ireland” de mo chuid féin agam chomh maith? Ní theastaíonn uaim Béarla a chur ar an Imeall, agus is léir go bhfuil an tuairim sin go láidir ag cuid mhaith agaibhse leis. Nílim fiú cinnte an dteastaíonn uaim mórán a scríobh i mBéarla - ach má scríobhaim, is ar bhlag eile a bheidh sé.

Ach cad chuige go mbacfainn le Béarla in aon chor? Cén fáth go dteastódh uaim bheith i mo “bhraon sa tuille”? Cad faoin tuairim a bhí agam ar dtús nach raibh aon ní ar leith le rá agam i mBéarla nach raibh á rá cheana sa teanga sin? Bhuel, sílim go bhfuil dearcadh amháin nach cloistear ró-mhinic i mblagchruinne an Bhéarla: dearcadh an Ghaeilgeóra.

Sibhse a léann agus a éistíonn leis an Imeall - ní bheidh puinn athrú ar an gcainéal seo. Ach tá turgnamh beag seolta agam thall ag imeall.wordpress.com, agus beidh fáilte romhaibh ansin chomh maith.

Thanks to everyone who commented on last Wednesday's post. I plan to comment further on this in English at imeall.wordpress.com.Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

6 Freagraí:

Arsa Blogger Cionaodh ...

Tá an nasc phodcraoladh briste an maidin seo, a Choinn.

20 February, 2006 12:41  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA a Chionaoidh. Tá an mhaidin caite agam ag stracadh leis! Fadhbanna leis an seirbhís libsyn.com go mbainim úsáid as. Tá an comhad aistrithe go freastalaí eile anois agam. Ar mhiste leat triail a bhaint as arís?

20 February, 2006 13:15  
Arsa Blogger Cionaodh ...

Oibríonn sé anois, a Choinn. GRMA.

20 February, 2006 14:57  
Arsa Blogger Proinsias ...

Thug tú onóir mór dhom nuair a chuir tú mo thráchtaireacht in airde ar do bhlag inniú. Chuir tú brí agus fuinneamh ann ar a léamh duit. Tá áthas orm go bhfaca tú an greann a bhí ann. Tá tú fós mar guth aonarach san bhfiántas, ach, leis an dea-shampla a chuireann tú roimh na ndaoine, sílim go bhfaighidh do lucht leanúna, an misneach chun a ghuthanna a árdú (nó a mhéaranna a chur ar siúl, bfhéidir ;{) ), agus méadú mór a chur ar an focal Gaeilge ins an bhlagasféar. Gúim gur mar sin a bheidh go luath!

Lean ort! agus go méadaí Dia do stór.

Proinsias

21 February, 2006 00:22  
Arsa Blogger Conn ...

Chaitheas do phíosa a léamh ós árd a Phroinsias, mar gur chuir sé ag gáire ós árd mé nuair a léas ar dtús é! :-)

21 February, 2006 02:04  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Chuaigh mise ins na tríthí gáire ag éisteacht leis freisin.Tá súil agam go seolfaidh tú teachtaireachtaí eile mar sin nó b'fhéidir go mbeidh crannóg gaotaireachta áit eile sa bhlagasféar agat, a Phroinsias. Rinne Conn an jab dúinn é a léamh amach chomh drámatúil sin. Éistfidh mé leis mar leigheas ar gach drochbhréag atá á scaipeadh mar gheall ar an nGaeilge.
Go soirbhí Dia sibh beirt i gcónaí.

23 February, 2006 11:44  

Post a Comment

<< Home