Monday, February 27, 2006

Imeall #92: An Bhfuil Gaeilge ag Google Adsense?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Táim ag súil le diúltú ó Google ar m'iarratas ar fhógraíocht Adsense:
    "The AdSense ad code for contextually-targeted ads may be placed on pages with content primarily in any of our supported languages. Ads must not be displayed on any page with content primarily in an unsupported language."
    Chím go bhfuil an fhadhb chéanna ag an nGinearál!
  • Gradam na mBlag. Tá sé aistrithe go dtí Óstán an Alexander anois ar chúinsí spáis. Má tá tu ag dul ann, iarrtar ort clárú anseo chun go mbeidh Damien in ann na socraithe a dhéanamh don méid daoine a bheidh i láthair (meastar 150). Is iontach an rud é a bheith ainmnithe dá leithéid ach is cuma liom an duais i ndáiríre nuair a chuimhním ar an deis iontach a bheidh ann chun bualadh le daoine a bhfuil "ríomhaithne" mhaith curtha agam orthu - (GRMA a Aonghuis! :-))
  • Tá moladh mór tuillte ag Damien Mulley as an éacht oibre atá déanta aige ag eagrú na nGradam seo. Maith thú!
  • cruinniú na mblagadóirí teicniúla dá eagrú níos luaithe sa tráthnóna idir 3 agus 5 - agus tá súil agamsa cruinniú neamh-fhoirmeálta Gaeilgeoirí a shocrú roimis - ag 1:00 pm b'fhéidir?
  • Ní féidir leis an nGinearál a bheith i láthair - ar chúinsí slándála, bíodh fhios agaibh - níl an uain fábhrach fós! ;-)
  • Ar ámharaí an tsaoil is cosúil nach mbeidh aon ghanntanas Gaeilgeoirí in Óstán an Alexander an lá sin!
  • Ann ag lorg múinteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Teastáionn oiliúint phríomháideach uaithe - an féidir leat cabhrú léi? Dein teagm´hial léi ag "forthelongrun ag gmail ponc com".
  • Fáilte roimh Danú Ní Liatháin ó Bhéal Feirste - a rugadh le déanaí. Comhgháirdeachas do Caroline, Concubhar agus Art.
  • Ceol Podslán: I Wanna Go Home le Samantha Murphy. Bhí Samantha páirteach sa Podcast Hotel le linn an deireadh seachtaine, áit ar bhuail sí le Robert Scoble. Is podchraoltóir í, agus is ceoltóir í chomh maith. Táim díreach tar éis a CD a cheannach!

Lipéid: , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

4 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

This comment has been removed by a blog administrator.

27 February, 2006 20:27  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

#92. Cén saghas ceiliúrtha a bheidh agat ar uimhir 100?

27 February, 2006 20:28  
Arsa Blogger Conn ...

Sin ceist! Ní fheadar i gceart - cad a mholfadh sibhse?

27 February, 2006 21:48  
Arsa Blogger aonghus ...

Teideal:

"Do mhair muid an céad,
... anois, an chéad céad eile...
"

27 February, 2006 22:20  

Post a Comment

<< Home