Thursday, March 30, 2006

Imeall #108: Lasairfhíona

Pictiúr le MacDara Ó Conaola © 2002 -2006
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Focal.ie. Bunachar sonraí téarmaíochta Gaeilge faoi thástáil. Bhaineas úsáid as le linn an Tóstail!
  • Deir Tim Murphy: "Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl gach Céadaoin idir 8.00pm agus 9.00pm i Sars Pavilion bear (nó thuas i seómra cruinnithe má bhíonn an bhear ana-ghnóthach), Baile Roisín, Gleann Maghair. Má tá suim agat sa Ghaeilge agus í a chur chun cinn in ár gcomharganacht féin beidh fíor fáilte romhat. Ní gá an Gaeilge bheith go líomhtha agat ar chur ar bith (tel. 086-1098089 tar éis 5.30pm)."
  • Léarscáil Frappr na Gaeilge
  • Flame of Wine an teideal atá ar an albam nua le Lasairfhíona Ní Chonaola.
  • Tá cóip den dlúthdhiosca le bronnadh ar eisteoir amháin.
  • Freagair an cheist. Cén t-oileán Árann ar a bhfuil cónaí ar Lasairfhíona?
    • Inis Mór?
    • Inis Meáin?
    • Inis Oírr?
  • Seol ríomhphost go dti imeall@gmail.com
  • Ceol: Aoibhneas an Ghrá le caoinchead an cheoltóra, Lasairfhíona Ní Chonaola
Lipéid: , , , ,

4 Freagraí:

Arsa Blogger Proinsias ...

A Choinn,

Is doigh liom go bhfuil sé de dhualghas orm a shoiléiriú nach ea duine go leith atá ins an líon 1.5 de chainteóraí anseo i nGaeltacht Chroílár Mheiricea, ach, trí-cheathrú chainteóir fá dhó! ;{)

Iontach ar fad do thuairiscí ó Thóstal na Ghaeilge an deireadh seachtaine seo. Treise leat!

Proinsias

31 March, 2006 04:27  
Arsa Blogger Míshásta ...

Maidir le Focal.ie, cé gur áis iontach é ar shlí, ní mór do dhaoine a bheith ar an eolas nach gnáth-fhoclóir atá ann. Mar shampla, níl 'gnáth' sa bhunachar. Níl sé seo soiléir ón bpríomh-leathannach cé go ndeir siad ar leathannach eile: "Cuimhnigh gur áis téarmaíochta atá ann - ní aimseoidh tú gnáthfhocail ann,"

Níl aon rud faoi 'blag / blagadóireacht /' fós. :)

Níl aithníonn an bunachar go gciallaíonn 'PC' 'politically correct' chomh maith le 'ríomhaire pearsanta'.

'Sé an t-aistriúchan atá acu ar 'politically correct' ná "de réir na dtuairimí 'cearta' (a3) poiblí" Is dócha go bhfuil san 'correct', ach nach bhfuil leagan níos gonta acu.

Ach níl ann ach leagan trialach agus is dócha go dtiocfaidh feabhas air de réir a chéile.

Tá sé scannalach agus dochreidte nach bhfuil ach duine amháin fostaithe go lán-aimseartha ag an Coist Téarmaíochta.

Slán.

31 March, 2006 12:54  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Sin an rialtas céanna a lig an caighdeán oifigiúil dul as cló...

31 March, 2006 21:18  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Nach bhfuil sé go hait nach bhfuil aon leagan Gaeilge dá leathanach lín?

05 April, 2006 19:09  

Post a Comment

<< Home