Friday, March 17, 2006

Gluaiseachtaí

(Seo an téacs, agus nascanna ann, do cholún an Bhlagadóra in eagrán an lae inniu den nuachtán . Déanfar podchraoladh air Dé Luain.)

Tá blagadóirí na hÉireann fós ag caint ar Ghradam na mBlag an deireadh seachtaine seo chaite. Tá borradh suntasach tagtha ar an mblagadóireacht le bliain nó dhó agus b'é seo an chéad uair ag an gcuid is mó againn ag bualadh lena chéile go fisiciúil.

Ar bhealach amháin is cleachtas ciúin príomháideach é an bhlagadóireacht, agus, cé go bhfuil comhrá i gceist, ní gnách do bhlagadóirí a bheith os comhair na ndaoine. Go deimhin, is gné tabhachtach é den mblagadóireacht gur féidir a bheith anaithnid. Cuidíonn seo mór leis an gcúthaileacht a shárú, agus tugann sé deis don mblagadóir a ghuth a fhorbairt, le cabhair tuairimí an lucht léite, gan a bheith ag brath go bhfuil sé nó sí nochtaithe os comhair an tsaoil.

Cabhraíonn an díth ainm chomh maith le foilsiú tuairimí nach mbeadh fáilte fhorleathan rompu, agus tugann sé deis do dhaoine tuairimí láidre a phle agus a chlos – tuairimí le daoine nach scríobhnóirí gairmiúla iad, a bhfuil saol eile agus gnáthphostanna acu chomh maith.

Is díospóireacht ann féin é ceist an díth ainm, agus tá an tuairim mhalartach ann chomh maith. ‘Sé sin: gur foilsitheoireacht gan fhreagracht atá sa bhlagadóireacht anaithnid. Feictear go mbraitheann an chreidiúint a tugtar do bhlagadóir anaithnid ar an ábhar a bhíonn á phlé aige nó aici. Tríd is tríd, dá thromchúisí an t-ábhar is ea is mó an t-éileamh a bhíonn ar bhlaganna ina bhfuil pearsa an údair curtha in iúil.

Mar sin, cé go raibh dúil ag na blagadóirí san ócáid agus sa deis a bhí ann chun bualadh le daoine eile a raibh suimeanna comónta acu, bhí imní ar roinnt mhaith faoi nochtadh a bpearsanna os comhair an tsaoil. Tá údar an bhlag Fústar, a bhí ainmithe do dhuais i gcúpla rannóg, ag machnamh ar chailliúint a phríomháideachais an tseachtain seo. Agus is léir go raibh cúpla blagadóir ar an oíche a bhí idir dhá chomhairle maidir lena bheith páirteach i ngrianghrafanna.

Agus ansin, tá Twenty Major. Saghas aor atá sa bhlag seo, le tuairimíocht, le guth agus le rogha focal nach ligfí thar aon eagarthóir sa tír. Tá greann agus cumas le sonrú i scríbhneoireacht an fhir seo, ach ní h-aon iontas go mba mhaith leis a phearsa choimeád faoi rún. Bhí an cheist I mbéal formhór na mblag a dhein trácht ar an ócáid roimh ré: “An mbeadh 20 i láthair?”

Thug Twenty Major leis an chraobh, i bpríomh-ghradam an “Blag is Fearr”, agus i ndhá cheann eile. An fear a sheas ar a shon, dúirt sé go mba “chara dílis” leis é, agus go raibh rún aige an iPod nano a bhí bronnta ag an gcomhlacht Blacknight Solutions a choimeád dó féin!

Ainneoin na poiblíochta, measann na blagadóirí go mb’fhiú go mór an teacht le chéile seo “sa bhfeoilspás”. Agus cheana féin tá comhoibriú á spreagadh ar thograí nua. Tá Bernie Goldbach agus That Girl ag plé ceardlanna feabhais sa bhlagadóireacht chun taithí na mbuathoírí a roinnt leis an bpobal. Agus bhí James Corbett an thógtha le uírlis nua podchraolta atá á fhorbairt ag Robin Blandford. Braitheann Simon McGarr go bhfuil rud éigin san aeir: “People are feeling that they want some kind of follow up already, without having to wait a year.”

Agus seachtain na Gaeilge ag teacht chun críche, tá roinnt mhaith blaganna ag tabhairt a h-áite don dteanga. Tugann prettycunning.net faoi go fonnmhar, le scéim dathanna don dá theanga, agus tá an lipéad "Gaeilge" in úsáid aici. Bíonn Gaeilgeoirí na blagchruinne ag faire an lipéid seo, agus geobhaidh an blag sin lucht léite nua dá bharr. Agus glacann infactah.com dúshlán na Gaeilge chomh maith, le léirmheas i nGaeilge ar an sraith teilifíse "Ní Gaeilgeoir Mé".

Más suim libh ceist na Gaeilge agus úirlisí nua na cumarsáide, níor mhiste freastal ar Thóstal na Gaeilge an tseachtain seo chugainn. Beidh mise agus cainteoirí eile ag plé na n-ábhar seo i seisiúin éagsúla faoin dtéama “An Chéad Ghlúin Eile”. Tuilleadh eolais ag tostal.ie.

Lipéid: , , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home