Friday, March 31, 2006

Imeall #109: Gíceanna Gaelacha

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáTá an bhlagadóireacht seo maith go leor – ach níl sé nádúrtha! Cad air a bhíonn tú ag scríobh? Cé mhéid ama a thógann sé ort? Cé a léann do bhlag? B’fhéidir go mb’fhearr duit mura mbeidís á léamh!

Tá tréan-iarrachtaí déanta ag corr-bhlagadóir an andúil a bhriseadh. Go deimhin tá cur síos ag Dermod Moore ar chruinniú le grúpa tacaíochta ag a séantar an bhlagadóireacht agus gach a bhaineann léi (lipéadú, go h-áirithe an lipéadú)! Ina chúntas, tá an blagadóir mar a bheadh aithríoch, ag déanamh faoistine ós comhair a bhráithre, gur pheacaigh sé go trom nuair a mheas sé go bhféadfadh sé a chuid foilsitheoireachta pearsanta féin a dhéanamh – gan cead a iarraidh ar éinne! Foilsíodh an t-alt ar dtús i gcolún le Dermod san iris Hot Press.

An bhagairt a chíonn na blagshéantóirí i scéal Dermod ná seo: de réir mar atá an bhlagadóireacht ag forbairt agus na h-úirlisí ag dul in éascacht, ‘sea is mó a rachaidh daoine nach geeks ríomhaireachta iad i mbun na blagadóireachta. Bhí seo le sonrú ag Gradam na mBlag le déanaí, nuair ar reachtáladh dhá chruinniú neamhfhoirmeálta roimh thús na ngradam féin: ceann dos na gíceanna ag plé leithéidí na podchraoltóireachta agus OPML, agus ceann dos na neamh-ghíceanna le manglaim dí sa bheár. Tráth dá raibh, bhí gach blagadóir ina theicneoir, ach ní h-amhlaidh atá anois. Tá lucht pléite na n-ealaíon agus na polaitíochta anois ag baint feidhme as na h-úirlisí atá forbartha ag na teicneoirí.

Agus an bhfuil a gcuid oibre déanta ag na gíceanna, más ea? Níl ná é. Tá siad ag saothrú leo i gcónaí, ag baint úsáide as na h-úirlisí atá againn chun comhoibriú i bhforbairt teicneolaíochtaí nua. Le cabhair na mblaganna agus na líonraí sóisialta, tá cumarsáid iontach ar siúl, agus tá cleachtais nua shóisialta ag cothú na forbartha seo. An cleachtas is suntasaí faoi láthair ná na geek dinners atá coitianta i measc theicneoirí in Silicon Valley agus Seattle. Ócáidí móra networking iad cuid acu seo, ar nós fleánna fulachta Techcrunch, ach i gcás cuid eile níl i gceist ach b’fhéidir leath-dhosaen duine ag suí chun bóird ag bialann. Tugann an ceapadóir bogearraí Dave Winer treoir ar a bhlag maidir le h-eagrú na n-oícheanta seo, ach is léir mar sin féin go gcaithtear difríochtaí cultúrtha a thabhairt san áireamh agus an smaoineamh seo á aistriú go hÉireann.

Is cosúil go bhfuil gíceanna na hÉireann breá sásta cruinniú le chéile agus cúrsaí teicniúla a phlé – ach nílimid toilteanach am a chur amú le dinnéar! Ag gíc-chruinniú Luimní i mí Eanair bhí caifé agus comhrá, agus is cosúil nach mbeidh ach bia méire ag cruinniú sa Ghaillimh Dé Sathairn seo chugainn. Tá tuilleadh eolais ar bhlaganna le Ed Byrne agus John Breslin.

I mblagchruinne na Gaeilge an tseachtain seo, tugann Séamas Ó Neachtain léargas ar dhearcadh an Mheiriceánaigh maidir le pardúnú na n-imirceánach neamhdhleathach. Agus tá corr nua i suíomh idirlín sean-bhunaithe Gaeilge, anois go bhfuil blag nua-thosnaithe curtha le guthanphobail.net.

Ag caint leis na scoláirí idirbhliana a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge Dé hAoine seo chaite, tá cuid acu ag cuimhneamh ar bhlagadóireacht a dhéanamh i nGaeilge ar a gcuid leathanach Bebo. Tá léargas cuimsitheach ar fhiniméan Bebo i measc an aois óig in alt leis an mac léinn Gareth Stack san iris idirlín tuppenceworth.ie an tseachtain seo.

Mar chruthúnas nach bhfuil an bhlagadóireacht teoranta níos mó do ghíceanna amháin ní gá ach cuairt a thabhairt ar icecreamireland.blogspot.com. Is gnách do smaointí maithe scaipeadh ar nós na gaoithe i measc na mblaganna, agus tá triail bainte cheana féin ag údair na mblag Winds and Breezes agus realitycheck-dot-ie as an oideas atá foilsithe ag Kieran Murphy do Bhrioscaí Sceallóg Seacláide.
Lipéid: , ,

4 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

I've subscribed to the podcast now, as an experiment. I hope my Irish is up to the job. I'll enjoy the sound of the language anyway.

31 March, 2006 14:25  
Arsa Blogger Dermod ...

Go raibh maith agat! I only understood about a third of it, but it's been years and years since I heard any Irish at all!

All the best,

Dermod

31 March, 2006 15:03  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Cogar, a dhaoine nua - tá cúpla ceann eile as Gaeilge, freisin, ó Mheiriceá (féachaigí na naisc). Níos éasca? Cleachtadh eile, ar aon nós.

GRMA, a Choinn, as an lua. Dearcadh an Mheiriceánaigh seo atá ann, ar aon nós.

31 March, 2006 21:14  
Arsa Blogger Conn ...

Simon, Dermod - Fáilte romhaibh! And thanks for the blogging! As you may have gathered, Friday's posts are published as a sort of blogwatch column in , so if I quote you on a Friday, you're also in print!

A Shéamais, measaim go n-aontódh roinnt mhaith le do thuairim - go deimhin aontaímse le cuid mhaith de. Fágfaidh mé tráchtaireacht ar do bhlag má fhaighim an seans inniu.

03 April, 2006 14:28  

Post a Comment

<< Home