Friday, January 13, 2006

#67: Slándáil agus Scoraíocht

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáDheineas trácht an tseachtain seo chaite ar an mbagairt slándála WMF do chórais ríomhaireachta le Microsoft Windows. Tá paiste slándála MS06-001 eisithe anois ag Microsoft. Tabharfaidh an paiste seo cosaint in aghaidh víreas a bhaineann feidhm as an éasc WMF. Má tá Windows ar do ríomhaire, ba chóir duit an paiste seo a chur i bhfeidhm.

Ní h-é sin deireadh an scéil áfach. Tá bagairtí nua ag teacht chun solais i gcónaí, agus is beag ríomhaire nach raibh thíos le víreas uair éigin. Moltar réamhchúramaí simplí chun do ríomhaire a chosaint. Má fuair tú ríomhaire nua ó Dhaidí na Nollag, ní miste iad a shonrú.

De réir mar a nochtaítear fadhbanna slándála i mbog-earraí, eisíonn na táirgitheoirí athshonraithe agus paistí chun na fadhbanna sin a réiteach. Go minic, is féidir na h-athshonraithe a fháil go h-uathoibríoch, mar shampla i gcás na seirbhíse "Windows Update" atá ag Microsoft. Is fiú go mór úsáid a bhaint as athshonraithe uathoibríocha den tsaghas seo.

Don dara céim slándála, ba chóir duit córas frith-víreas aitheanta ar nós Norton, F-Secure nó MacAfee a chur i bhfeidhm ar do ríomhaire. Cuimhnigh nach fiú faic iad na h-úirlisí seo áfach mura bhfuil siad sonraithe le saintréithe na víreas is déanaí. Baineann an bog-earra frith-víreas úsáid as na saintréithe seo chun comhaid a bhfuil an víreas tolgtha acu a aithint. Mar sin, ceannaigh síntús leis an gcomhlacht frith-víreas chun na saintréithe is déanaí a fháil go rialta.

Tá cúpla rud eile ar féidir a dhéanamh chun an baol ó víris a mhaolú. An ceann is éifeachtaí ná "firewall". Scrúdaíonn an falla tine seo an chumarsáid ar do líonra agus cuireann sé cosc ar chumarsáidí áirithe. Nuair a chuirtear i bhfeidhm ar dtús é ní mór dó foghlaim cén sórt tráchta atá ceadaithe agus cad 'tá "amhrasach". Cuirfidh sé ceisteanna ort maidir leis na ríomhchláracha atá agat, mar shampla: "An bhfuil tú sásta ligean do Firefox teagmháil ar an líonra?" Ní mór tuiscint áirithe a bheith agat ar do chóras chun falla tine a úsáid ach is mór an díonadh é má tá sé agat. Go deimhin tá saineolaithe áirithe a mhaíonn gur féidir déanamh gan bhog-earra frith-víreas ach falla tine a bheith cóirithe go maith agat. Ní mholtar don ngnáth-úsáideoir, áfach, brath ar fhalla tine amháin. Tá falla tine iniata le Windows XP, agus má tá córas leathanbhanda baile agat, is minic a bheidh an chosaint sin le fáil ón modem nó ón router chomh maith.

Nuair a "logáileann tú isteach" i do chóras oibrithe ríomhaire bíonn cearta agus ceadanna áirithe agat mar úsáideoir. Go h-iondúil, tá dhá shaghas cearta úsáideora i gceist: cearta an riarthóra, agus cearta an ghnáth-úsáideora. Más tusa úinéar nó riarthóir an ríomhaire, mar shampla i gcás ríomhaire baile, beidh cearta an riarthóra agat. 'Sé sin le rá: beidh sé ar do chumas aon chomhad a athrú ar an gcóras - fiú más chun donais é an t-athrú. Is féidir cuntas an riarthóra a úsáid chun bog-earra a shuiteáil ar do ríomhaire, nó chun píosa trealaimh nua ar nós priontálaí a chóiriú. Ach níor chóir duit cuntas an riarthóra a úsáid le h-aghaidh do ghnáth-ríomhaireacht. Ba chóir duit cuntas gnáth-úsáideora a chruthú agus é a úsáid nuair atá tú ag scimeáil ar an ngréasán nó ag scríobh ríomh-phostanna. Sa tslí sin, má tholgann tú víreas agus tú logáltha isteach le cearta teoranta an ghnáth-úsáideora, ní bheidh an víreas in ann do chuid pribhléidí riarthóra a úsáid chun dochar a dhéanamh dod' ríomhaire.

Cuimhnigh chomh maith: ní bhaineann slándáil riomhaire leis an idirlíon amháin. Ní mór a bheith ar aire maidir le dioscaí floppy, dlúthdhioscaí agus cipíní USB. Ná sáigh aon rud i do ríomhaire mura bhfuil tú sásta gur tháinig sé ó fhoinse dea-cháilithe.

Is fíor, mar a dúirt tráchtaire ar mo bhlag i leith scéal na seachtaine seo chaite, gur lú an chontúirt do úsáideoirí an chórais Linux. Tá cúiseanna éagsúla leis sin ach mar sin féin, ní mór na bearta seo a chur i bhfeidhm ar ríomhaire ar bith, is cuma cén córas oibrithe atá aige. Cuimhnímís chomh maith nach bhfuil slándáil foirfe iomlán insroichte, ach amháin i gcás ríomhaire atá múchta, faoi ghlas, agus an eochair briste!
  • Ceol Podslán: Love's Long Sleep le Candy Butchers
  • Cruinniú Blagadóirí Luimní!
    Outside Podcast
    Tús curtha le sraith oícheanta caidrimh. An tEirepreneur agus An tImeallach i láthair, in Óstan an Clarion aréir. Caifé, wifi, agus podchraoladh ar bhruach na Sionainne.
  • Duaiseanna na mBlag. Roinnt ainmniúchán faighte ag an Imeall - go raibh maith agaibh. Caithfidh mé machnamh a dhéanamh ar na h-ainmiúcháin a dhéanfaidh mé féin le linn an deireadh seachtaine.
  • Cogar - podchraoladh nua Gaeilge seolta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge!
  • Gaelfest: féile chultúrtha ghaeilge sa Chabhán. 7 - 8 Aibreán 2006. Buíochas do Dharagh Ó Tuama ó Ghlór na nGael as an bhfógra a chur chugam.
  • An dtaitníonn an fhuaim fheabhsaithe libh? Tuilleadh feabhsaithe le teacht. Agallamh an tseachtain seo chugainn.
  • Ceol Podslán: In My Dreams le Natalie Brown.
Soilse Séimhe
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home