Friday, March 03, 2006

Imeall #96: Blagadóireacht na Círéibe

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá
Tháinig círéibeanna an tSathairn i mBaile Átha Cliath aniar aduaidh ar na h-údaráis is cosúil. Agus is baolach gur tháinig sé aniar aduaidh ar RTE chomh maith. Bhí Cian (Red Rover) ó progressiveireland.blogspot.com i measc na mblagadoírí a bhí cáinteach go maith ar chinneadh an chraoltóra náisiúnta cloí le clár spóirt an tráthnóna ar a chuid stáisiún agus an t-achrann faoi lán seoil. Malairt scéil a bhí i gceist le Newstalk 106, a raibh ardmholadh ó na blagadóirí don tuairisceoireacht a dheineadar beo ar na sráideanna.

Tá cuntas maith ar eachtraí an tSathairn ar Dossing Times. Ní raibh Auds ón mblag realitycheckdotie i láthair ach dhein sí athchoimre mhaith ar na cuntais éagsúla uatha san a bhí. Tá tuairiscí, anailís agus plé le fáil ar indymedia.ie. Dar le lucht an tsuímh sin, bhí breis agus 20,000 cuairteoir acu, agus fágadh 300 teachtaireacht ar an suíomh sa 48 uair a chloig i ndiaidh na h-eachtra.

Ní leor téacs amháin chun cur síos ar a leithéid. Tá píosa físe ar fáil ar indymedia.ie, agus tá ualach griangrafanna ar bhlaganna éagsúla. Tá léargas maith ar mheon na mbithiúnach sa tsraith phictiúr atá foilsithe ar Back Seat Drivers, ina bhfuil fear ón Áis dá bhataráil acu.

Tá na céadta pictiúr ón eachtra curtha in airde ar an gcóras Flickr, mar a bhfuil lipéid curtha leo agus tráchtaireacht déanta orthu ag úsáideoirí an chórais sin. Tá cuid acu sa chnuasach le Metroblog Bhaile Átha Cliath a seoladh le déanaí. Suíomh nua is ea an Metroblog ar a bhfuil scoth bhlagadóirí na h-ardchathrach tagtha le chéile. Ina measc tá duine nó beirt ós na meáin traidisiúnta atá ina mblagadóirí aitheanta chomh maith: Karlin Lillington ón Irish Times, agus an láithreoir le RTE 2FM, Rick O’Shea.

Beidh Rick ina fhear tí don chéad Oíche Ghradam na mBlag a bheidh á reachtáil i mBaile Átha Cliath ar an 11ú Márta. Beidh a thuilleadh agam ar an ábhar sin an tseachtain seo chugainn, ach ní mó ná sásta atá blagadóirí na hÉireann an tseachtain seo le h-alt sa Sunday Business Post ar an mblagadóireacht i gcúrsaí gnó. Is ionadh leo conas ar scríobhadh an t-alt gan tagairt do oiread agus blag gnó amháin in Éirinn.

Agus Seachtain na Gaeilge buailte linn arís, tá an Ghaeilge go mór i mbéal an bhlagasféir an tráth seo. Breis agus mí ó shin d’athfhoilsigh Slugger O'Toole alt ón Irish Times a mhaígh go raibh a port seinnte ag an dteanga, agus tá plé an ailt sin fós ar siúl, le breis agus 100 tráchtaireacht ar an ábhar ag an bpointe seo. Creideann Richard Waghorne gurb é an t-am a caitear le Gaeilge sna scoileanna is cúis leis an easpa cumais atá ag Éireannaigh i dteangacha Eorpacha, ach fuair sé go leor freagraí nár aontaigh leis. Dar le maca ag an mblag Ráiméis ní ar an nGaeilge ar chóir an milleán a chur.

Ag filleadh ar na círéibeanna, spreagadh fear na liostaí ag United Irelander chun machnaimh ar an 10 n-ócáid ba náirí i saol na hÉireann le blianta beaga anuas. Measann sé na círéibeanna ag uimhir 3 ar an gcairt: níos náirí ná ionsaí an tsagairt Uí Bhriain ar an reathaí Brasaíleach ach níos fearr ná filleadh Thriúir na Colóime go hÉireann. Agus an eachtra is náirí ar fad, dar leis, a tharraing mí-chlú agus magadh ar an náisiún? An t-achrann idir Roy Keane agus Mick McCarthy ag Corn Domhanda an tsacair i 2002! Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Is trua nár luaigh tú na cinn as Gaeilge:

http://cainteoir.blogspot.com/2006/02/ag-traocht-na-ndlseoir-i-mbaile-tha.html (Bhí MBM ann!)

http://beanineirinn.blogspot.com/2006/02/nuacht-domhnaigh.html

http://gaeilgefaoithalamh.blogs.ie/2006/02/27/an-bhfuil-tu-sasta-anois-a-shuarachain-annraoi-salach-o-ceallachain/

http://gaelpanu.blogspot.com/2006/02/na-crib-i-mbaile-tha-cliath.html

(http://gaeilgepanu.blogs.ie/2006/02/27/na-triobloidi-i-mbaile-atha-cliath/)



http://hilaryny.blogspot.com/2006/03/pc.html

03 March, 2006 15:18  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA a Shéamais. Deinim gach iarracht tagairt dos na blaganna Gaeilge chomh minic agus is féidir - ach bíonn brú spáis agus ama i gceist chomh maith. Is trua nár thugas cuntas Mhichíl faoi ndeara - tá sé an-mhaith.

Sin bua eile ag an mblagchruinne, dár ndóigh. Tá eagrán na hAoine den bpáipéar sa bhruscar anois - ní fiú agus ní féidir é a leasú. Ach féach go bhfuil an leagan blagáltha den alt céanna leasaithe agat féin anois!

07 March, 2006 08:55  

Post a Comment

<< Home