Friday, May 05, 2006

An Blagadóir: Éacht United Irelander

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáN’fheadar éinne cé h-é (nó cé h-í) United Irelander. Coimeádann sé a phearsa fé rún, ach ní h-amhlaidh dá chuid smaointe!

Tá sé do-chreidte an méid scríobhnóireachta a dheineann UI in aon lá amháin. Mar shampla, tá 3 phíosa foilsithe aige Dé Céadaoin: scéal faoi liamhaintí claonpháirteachais in aghaidh na Breataine i ndúnmharaithe de chuid an UDA, tuairisc idirnáisiúnta go bhfuil an phoblacht ar na an stáit is rathúla ar domhain, agus agallamh fada (1600 focal) leis an seanadóir neamhspleách Joe O’Toole.

Déardaoin agus an colún seo á sheoladh, tá 4 alt foilsithe cheana aige: scéal ar chomóradh an Ghorta Mhóir, píosa greannmhar físe, scéal faoi chlár na vótóirí agus alt speisialta – an 2,000ú blagmhír dá chuid! Comhgháirdeachas!

Dheineas tagairt an tseachtain seo chaite don mbruíon idir United Irelander agus Jo ón mblag jopoliticsnsociety.blogspot.com maidir le liamhaintí UI nach raibh in Jacqui, leathbhádóir Jo, ach alter ego le Jo féin. Measaim féin nár mhiste do UI scríobhnóir samhailteach dá chuid féin a earcú chun mór-chúram a bhlag a roinnt!

Ag caint ar bhlagadóirí torthúla, bíonn Damien Mulley an-dhíograiseach leis. ‘Sé Damien a d’eagraigh Gradam na mBlag cúpla mí ó shin, ach tá blag maith téagartha aige féin ag mulley.net. Is ann a gheobhaidh tú ainilís doimhin ar na roghanna seirbhísí leathanbhanda in Éirinn, nó nasc le feachtas an Matthew Shepard Foundation ar son na h-éagsúlachta, na tuisceana agus na caoinfhulaingthe.

San agallamh a thug Joe O’Toole do United Irelander, bhí an méid seo le rá ag an Seanadóir: “I do believe that politics should not be about consensus and that political progress is made through the tension between opposing views.” Mar a dúirt mé an tseachtain seo chaite níl aon easpa easaontaithe ar na blaganna – agus is é sin a chothaíonn an fuadar foilsitheoireachta seo. Má tá tú sásta leis an status quo is beag an fonn a bheidh ort dul i mbun peannaireachta – agus dá mbeimís go léir ar aon intinn ní bheadh faic le plé againn.

Dá lú é pobal idirlín na Gaeilge, tá an eágsúlacht chéanna tuairimí ann chomh maith. Ní fhéadfá beirt níos difríula a shamhlú maidir lena dtuairimí polaitiúla ná Daithí Mac Lochlainn agus Seámas Ó Neachtain. Is Meiriceánaigh iad beirt, ina gcónaí i Nua Eabhrac agus ina nGaeilgeoirí díograiseacha. Tacaíonn Séamas go láidir leis an Uachtarán Bush agus le polasaí eachtrannach Mheiriceá. Tá tuairimí Dhaithí ar na ceisteanna sin foilsithe go minic aige, sa nuachtán seo agus in áiteanna eile, agus ar a bhlag dátheangeach féin ag gaelicstarover.blogspot.com. Ceistíonn sé rialtas, pobal agus cléir a thíre féin maidir lena seasamh ar an gcogaíocht agus ar chearta daonna. An bhfuil fhios agatsa cad tá ar an gcuraclam sa School of the Americas?

Do sheachnaíodar an pholaitíocht nuair a chuir Séamas agallamh ar Dhaithí le déanaí ar phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge. Bhíodar beirt ag freastal ar Lá na Gaeilge in Westchester NY. D’éirigh thar barr leis an ndeireadh seachtaine dar Hilary Mhic Suibhne a bhí ar an gcoiste reachtála.

Bhí Mark Bodah ann chomh maith. Tá ag éirí thar barr leis an ngrúpa comhrá a bhunaigh Mark. Tá Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ag socrú coinní lena chéile chun comhrá le h-úirlisí saoráideacha a chuireann ar a gcumas glaonna “gutháin” a dhéanamh gan chostas ar bith. Labhras le fear amháin i gCeanada a dúirt liom go bhfilleadh sé go hÉireann go minic ar mhaithe lena chuid Ghaeilge amháin. Anois, dúirt sé, tá sé in ann Gaeilge a labhairt gan an baile a fhágaint in aon chor!

Lipéid: ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger United Irelander ...

Go raibh maith agat. Is doigh liom go bhfuil tú an-chinéalta.

I've no idea if that made sense but I hope it did. :)

I've got some very interesting interviews lined up for this month that I think you'll enjoy.

Suimiúil gán dabht. ;)

05 May, 2006 19:13  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Bhínnse féin in Lá go minic, agus bím i gcló go fóill...
http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/caomhach/

05 May, 2006 21:39  

Post a Comment

<< Home