Tuesday, May 02, 2006

Imeall #125: Críoch leis an Imeall

Is neirdí mise ná 59% den saol i gcoitinne. An bhfuil tusa níos neirdí fós? Buail anseo go bhfaighidh tú amach!
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Seo an t-eagrán deireannach go ceann tamaill.
    • Déanfar athfhoilsiú ar rogha na cartlainne ar mhaithe le lucht éisteachta Flirt FM ar feadh cúpla mí.
    • Seolfar clár raidio nua i mí Iúil. Beidh sé ina phodchraoladh chomh maith lena bheith ar an raidio.
    • Craolfar ar Flirt FM é, agus ar stáisiúin eile. Más craoltóir tú, agus má tá suim agat i gclár laethúil Gaeilge a chraoladh dein teagmháil liom.
    • Táim ag dul i mbun taighde ar an gclár nua seo, agus táim ag lorg maoiniú chun é a léiriú. Má tá suim agat in urraíocht a dhéanamh air - dein teagmháil liom.
  • Nílim ag éirí as podchraoltóireacht na Gaeilge ach ag tógaint sos beag chun gur féidir liom díriú níos fearr uirthi.
  • Rud eile: tá súil agam go mbeidh seans níos mó anois agam páirt a ghlacadh i mblaganna agus i bpodchraoltaí le daoine eile!
  • Podchraoladh Gaeilge nua ar an saol: ar Gaeilge na Seachtaine la Kay Uí Chinnéide!
  • Suíomh idirlín nua do thuismitheoirí: Páistí le Gaeilge. (Seámas a chuir an scéal chugam)
  • Mise Éire
  • Buaitheoirí Chomórtas Mise Éire:
    • Ciarán Quinn, Guth an Phobail.
    • Ódran Condron, Co. na hIarmhí.
    • Marc Ó Fionnagáin
    • Patrick Curry
    • Éanna MacAonghusa, An Fhionlainn. Ráiméis
  • Ceol: Mise Éire, le Sean ó Riada. Le caoinchead na bhfoilsitheoirí.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

8 Freagraí:

Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

Go n-éirí leat a Choinn. Beidh mé ag súil leis an gcéad eagrán ó Flirt ag tús mí Iúil.
Hilary

02 May, 2006 15:54  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Bhi ionadh orm a leamh go bhfuil criochnaith leis an t-Imeall. Beidh me ag tnuth leis an gclair nua a mbeidh agat.

02 May, 2006 16:17  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Tá teachtaireacht agam ar mo shuíomh duit inniu a Choinn.
Litir do Chonn

03 May, 2006 15:05  
Arsa Blogger Conn ...

A cháirde, go raibh míle maith agaibh go léir. Go raibh maith agatsa Kay as do phodchraoladh!

04 May, 2006 12:11  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

“Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois! Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine? Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo. Éiríonn an ghrian ach téann sí faoi arís agus brostaíonn sí léi chun na háite ar éirigh sí as. Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad. Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách. Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí...” (CÓHEILIT 1:1-8)


Go n-éirí leat, mar sin féin, a chara! :- )

04 May, 2006 16:32  
Arsa Blogger Conn ...

Go n-éirí leat, mar sin féin, a chara! :- )

- ach tá tú ag rá liom mar sin fein go bhfuilim ag dul i gcoinne an Bhíobla?!

Ní thuigim seo a Shéamais. An gceapann tú go bhfuil forbairt na podchraoltóireachta Gaeilge críochnaithe? Agus mura bhfuil sí críochnaithe, cad 'na thaobh nach bhféadfadh mo leithéidse agus do leithéidse oiread páirte a ghlacadh sa bhfobairt sin agus is mian linn?

05 May, 2006 23:42  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Níor thuig tú mé, a chara. Níl aon rud ann ach le seal, sin an rud a bhí mé ag rá, agus ag iarraidh a bheith drámata leis.

08 May, 2006 18:52  
Arsa Blogger Conn ...

Tá sé sin ceart go leor a Shéamais! Bhí eagla orm go raibh tú ag cailliúint an mhisnigh,a phodchraoltóir! ;-)

Ní fhaca mé ach "buaic na baoise!" - agus sílim gur aimsigh sé de "néaróg" mo chuidse. 'Sé sin: go bhfuilim ag cur an iomarca ama amú leis an rud seo.

Ábhar blagmhíre eile ar fad atá sa cheist seo. Nó comhrá podchraolta, b'fhéidir? Cá bhfuil ár dtriall?

11 May, 2006 14:15  

Post a Comment

<< Home