Friday, August 04, 2006

Imeall #151: Gan iPod - Ach Fón!

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime“Cad tá ar do iPod agat?” Bíonn sé ina chúis gháire ag daoine nuair a fhreagraím: “Faic, mar níl aon iPod agam!”

Ní gá iPod chun éisteacht le podchraoltaí. Má tá ríomhaire agat agus ceangal leathanbhanda idirlín, beidh rogha podchraoltaí an tsaoil mhóir agat agus is féidir éisteacht leo ar an ríomhaire féin.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMAch chun an leas ceart a bhaint as buntáistí na podcraoltóireachta, ní foláir don éisteoir a bheith saor chun gluaiseachta, agus a chuid phodchraoltaí a thabhairt leis chun éisteacht leo ag a rogha am, ina rogha áit. Níl insan iPod ach módh amháin chuige seo.

Tá úsáid bainte agam as éagsúlacht mhór seinnteoirí beaga MP3, ach i láthair na h-uaire ‘sé an fón póca Nokia 6680 an t-aon ghiúirléid amháin atá im’ phóca agam. Fón cuíosach maith is ea é, ach tá cumas seinnte MP3 aige. Ní h-é an fón ceoil is núálaí é – tá an N70 ag Nokia anois, agus tá dúil mhór agam san N91! Ach tá callaire breá láidir aige agus is féidir liom cluasáin a cheangailt leis más rogha. An rud is fearr: bíonn sé liom i gcónaí agus mo rogha éisteachta leis.

Mar sin cad ‘tá agam ar mo Nokia faoi láthair? Seo an liosta.

Seo mar ar féidir éisteacht le podchraoltaí ar fón pócaDaily Source Code le Adam Curry. Níl ach corr-phodchraoladh laethúil ann (An tImeall san áireamh) ach tá an ceann seo ag barr an liosta. Tá Adam ar dhuine de cheapaitheoirí na podchraoltóireachta agus tá sé ina cheannródaí fós ina cuid forbartha. Agus tá cuid mhaith den obair seo á dhéanamh go h-oscailte aige, agus í á phlé ar bhonn laethúil aige lena lucht éisteachta. (Eagrán 431, 37 MB, dailysourcecode.com).

Evil Genius Chronicles le Dave Slusher. Ceannródaí podchraoltóireachta eile, agus is minic é cáinteach go maith ar Curry agus ar a chomhlacht, Podshow. Tá an podchraoladh seo á mheas agam faoi láthair, nílim cinnte fós an leanfaidh mé ag éisteacht leis. (Eagrán 30ú Iúil, 29 MB, evilgeniuschronicles.org).

The Gillmor Gang le Steve Gillmor. Iriseoir teicneolaíochta é Steve, agus is painéal iriseoirí agus fiontraíthe é an Gang. Seo iad suathairí agus gníomhairí Silicon Valley agus bíonn a gcuid comhrá leamh a dhóthain go minic. Ach san eagrán seo is déanaí siúlann ball amháin amach - pus agus breall air! Bhain an bhlag-iris chúlchainteach Valleywag an-spórt as an eachtra! (Eagráin 30ú agus 31ú Iúil, 57 MB, gillmorgang.podshow.com).

Underway in Ireland le Bernie Goldbach. Léachtóir is ea Bernie in Institiúid Thiobrad Árann. Sraith (sruth!) smaointí pearsanta a bhíonn in Underway de ghnáth ach tá sraitheanna podchraoltaí eile dá bhfoilsiú aige faoi scáth a shuímh podcasting.ie. Ina measc siúd tá Educast (ábhar staidéir dá chuid mac léinn), Inside View (a chuid obair iriseoireachta), agus Mixfits (ceol podslán). (Eagrán 40, 19MB, podcasting.ie).

Cad faoin gceol podslán seo? Cuid mhaith cheoil, tá cosc é a chasadh ar phodchraoltaí de bharr cúinsí cóipchirt. Ach tugann úinéirí an cheoil phodslán ceadúnas do phodchraoltóirí ionas go bhfaighidh siadsan an bholscaireacht i measc a lucht éisteachta. Tá go leor den gceol sin ar mo Nokia, buíochas leis na podchraoltóirí ceoil. Tá Spudshow laethúil, agus i nGaeilge. (Eagrán 60, 4 MB, spudshow.com). Tagann Bitjobs For The Masses ó Shasana, agus tá cáil domhanda air i measc lucht éisteachta podchraoltaí. (Eagrán 146, 33 MB, bitjobs.net). Agus tá an t-eagrán is déanaí agam de Zero Gravity Radio (Eagrán 47, 25 MB, zeroghome.com).

Níl Coverville podslán, ach tá Brian Ibbott ag dul sa tseans chun scoth na leaganacha “clúdaigh“ a chasadh dá lucht éisteachta. Ba chóir dó bheith ar an raidio – ach is mór an sásamh domsa gur podchraoltóir é: ní chaillim aon amhrán a chasann sé. (Eagrán 227 “Stuck in The Hotel California with The Power Of Love”, 43 MB, coverville.com).

Tá tuilleadh plé teicneolaíochta ar an bhfón agam le The Chris Pirillo Show (Eagrán 27 Iúil, 10 MB, thechrispirilloshow.com), agus Podleaders le Tom Raftery. Corcaíoch is ea Tom, agus tá cáil mhór á bhaint amach aige mar iriseoir teicneoláiochta idirlín mar thoradh ar úsáid na podchraoltóireachta aige. San eagrán is déanaí seo uaidh, deineann sé ceap magaidh do phríomhfheidhmeannach chomhlacht idirlín a chaill an coinne a bhí socraithe aige le Tom. Níor chuir sé as do Tom: léigh sé na ceisteanna a bhí ullamh aige agus thug deis dúinn éisteacht leis an gceol cúlra ón nglaoch gutháin a bhí mar fhreagra ar na ceisteanna sin. (Eagrán 31ú Iúil, 2 MB, podleaders.com).

Is léir ón mblas ar a gcuid cainte gur Corcaígh chomh maith iad an bheirt ghíc ar 2 Irish Geeks And A TV (Eagrán 22, 41 MB, 2igtv.com). Agus tá podchraoladh físe amháin agam ar an bhfón chomh maith: clár nuachta na ngíceanna, Rocketboom (Eagráin 26ú agus 31ú Iúil, 4 MB, rocketboom.com).

Tá slí do 512 MB eolais ar an gcárta cuimhne atá agam i mo Nokia 6680. I láthair na h-uaire tá 323 MB lán le podchraoltaí – agus tá thart ar an méid chéanna nóiméad éisteachta iontu. Foilsíodh na podchraoltaí seo go léir sa tréimhse idir Dé Sathairn agus Dé Luain seo chaite agus tá éagsúlacht mhór ábhar agus caighdeán iontu. Ach tá seoid amháin ann nár luas go fóill: Digital Flotsam le PW Fenton. Scéalaí is ea PW, agus ceardaí raidio ar an sean-nós. Tá Eagrán 40 anseo ar m’fhón – ach níl sé cloiste fós agam. Táim á choimeád! Beidh sé ina phleisiúr ar leith agam – ag mo rogha am, i mo rogha áit! (Eagrán 40, 24 MB, digitalflotsam.org).

  • Abair paidir do Aoife, iníon le mo dheartháir, atá go dona tinn i ndiaidh timpiste bhóthair. Tá sí ag teacht chuici féin le cúpla lá anuas. Guímíd ná raibh fada go mbeidh sí ar ais i mbarr a sláinte. Tá sí 6 bliana d'aois.
  • Ceol Podslán: A Little Time le Amy Ayres.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home