Friday, July 21, 2006

Imeall #145: Trolláil

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeNá ceapaimís - agus an colún seo ag bualadh tóin an bhuicéid chéanna gach Aoine - gur teampall saoithe gan cháim é an bhlagadóireacht seo. Na h-amadáin agus na h-óinseacha céanna a chastar ort i riocht feola, i ngáth-chúrsa an tsaoil: méadaíonn aimplitheoir an idirlín ar a nglórtha siúd chomh maith le h-éinne eile i saol na mblaganna agus na gclár plé.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMNíl cosc ar éinne ar an idirlíon, dáiríre. Is cuma chomh dúr, neamh-oilte, aineolach nó mí-mhúinte tú, beidh deis labhartha agat.

Is iontach an áis é an t-idirlíon chun plé agus chun díospóireachta, chun comhrá a dhéanamh agus chun tuairimí a fhorbairt. Is mór an taitneamh atá le baint as díospóireacht spleodrach ar ábhar spreagúil agus tá go leor samplaí maithe dá leithéid.

Ach tá daoine ann nach bhfuil ar a gcumas páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta. Go minic níl cumas argóna acu. É sin, nó níl aon bhunús ag an seasamh atá acu a luífeadh le réasún – ach go bhfuil sé préamhaithe sa chlaonaigeantacht, nó sa bhfuath, b’fhéidir. Nuair nach féidir lena leithéidí a dtuairimí a chur chun cinn le gnáth-dhíospóireacht, is minic a ghlacann said bealach eile ar fad: an trolláil.

I mbéarlagar an idirlín tugtar troll ar an té a deireann rudaí áiféiseacha gan dealramh, a dheineann maslaí agus ionsaithe pearsanta ar a chéilí comhraic, agus a loiteann agus a scriosann an comhrá lena chuid iompair mhí-reásúnta.

Ní shíleann an troll go n-éireoidh leis an argóint a bhuachaint leis an mí-iompar seo, ach ní h-é sin an aidhm atá aige. ‘Sé an plean atá ag an troll ná an díospóireacht a lot, go h-áirithe má éiríonn leis na páirtithe eile a mhealladh chun díospoireachta ar ábhar neamhshubstaintiúil (scadán dearg, más maith libh), nó más féidir leis iad a spreagadh chun ionsaí pearsanta a dhéanamh air féin.

“Ná cothaítear na troill” an chomhairle is minicí a mholtar: gur chóir neamháird a thabhairt ar a leithéid. Ach uaireanta is deacair gan ghéilleadh don gcorraí. Tharla cás mar sin an tseachtain seo chaite.
The great contributions of Irishmen and women were almost uniformly made through English or in the greater traditions of Western civilization. The Irish language embodies little of our true heritage and obscures the rest. We can do without it. Leave Irish to the specialists and let's stop pretending our heritage lies in its dead hands.
Níorbh é sin an méid ba amaidí a dúirt Richard Waghorne an tseachtain seo chaite – ach sin é an bun agus an barr a bhí lena thuairim mar sin féin. Mar bharr ar an suaitheadh, is neamh-bhlag de shaghas ar leith atá aige: ‘sé sin, blag nach gceadaíonn don lucht léite a dtuairimí féin a chur leis i bhfoirm tráchtaireachta. Mar sin, is ar bhlaganna eile a deineadh an plé.

Tríd is tríd, sheas na blagadóirí a dhein trácht ar an ábhar an fód leis an dteanga agus cáineadh Waghorne go géar. Chuir roinnt mhaith a dtuairimí in iúil i bhfreagraí ar mhír ar donal.wordpress.com. Agus dhein Keith Gaughan praiseach de phoinntí Waghorne agus é ag scríobh ar talideon.com.

Sin ráite, síleann an blagadóir irishkc.com i Kansas City gur chóir cosc iomlán a chur ar an dteanga. Dar leis nach fada go mbeadh sí a labhairt go forleathan dá ndéanfaí amhlaidh!

D’insíos scéal dooce.com anseo cheana, mar ar chaill Heather Armstrong a post de dheasca a blag. Bhuel tá bean eile dúsaltha anois: petiteanglaise.com! Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

5 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Gan amhras, tá sé deacair gan freagra a thabhairt ar truflais a scriotar mar sin ach bhi géar-ghá againn ar dtuairimi féin a chur i láthair. Nil me chun an bhlag sin a léamh a thuilleadh. Ni fiú é.

Ar nóta eile, tá an ceart agat nuair a deireann to go bhfuil an canadóir sin, Sarah Gleeson, an-chosúil le Juliet Turner. Rogha maith.

21 July, 2006 11:31  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Is léir go bhfuil a lán aineolais ann maidir leis an dTeanga, caithfimid an dea-scéal faoin nGaeilge a scaipeadh. Táim féin ag déanamh mo dhícheall. Nuair atá Gaeilge níos fearr ag daoine beidh fhios acu nach bhfuil an ceart ag mo dhuine.

21 July, 2006 12:19  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Muise, nach bhfuilimse cleachtaithe lena leithéid. Tá stalcaire pearsanta agam.
Seo an rud is fearr a léigh mé faoi throllanna:
http://members.aol.com/intwg/trolls.htm
Ní dóigh liomsa gur ionann iad trollanna agus daoine ag a bhfuil blag amaideach, ámh. Níl ann ach amadán!

24 July, 2006 19:08  
Arsa Blogger Conn ...

"Ní dóigh liomsa gur ionann iad trollanna agus daoine ag a bhfuil blag amaideach, ámh. Níl ann ach amadán!"

Sílim go bhfuil an ceart agat a Shéamais. Is dócha nach fíior-throll é de réir an tsainmhínithe- ach amháin sa mhéid is go bhfoilsíonn sé rudaí áiféiseacha gan bhunús, agus gur cosúil gurb é an aidhm atá aige ná daoine a chur as a meabhair ar buile!

Cad é do mheas ar chlár plé nua Beo.ie? Níor fhéach mé go ró-ghéar air go fóill.

25 July, 2006 08:39  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Ní dóigh liom go bhfuil an comhluadar sin in inmhe fós. Bíonn sé ciúin marfach go minic. Droch-thosach a bhí ann, mar scríobh troll (mo stalcaire) na chéad teachtaireachtaí atá ann faoi m'ainmse. Is Neamhsheán Ó Neachtain anois mise. Ach níl mórán le rá agam faoi láthair (ann).
Ní miste liom an formáid, ach níl sé chomh éasca ná chomh saor agus a bhíodh. Bhí gá leis, áfach. Sin an saol mar atá.

27 July, 2006 18:50  

Post a Comment

<< Home