Thursday, August 10, 2006

Imeall #154: Mothúcháin Ghortaithe

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeMar Ghaeilgeoirí is gnách linn fanacht amach ó argóintí le daoine atá i gcoinne na teanga. Tá a fhios againn gurb annamh ar féidir an argóint sin a bhuachaint. Tá a fhios againn nach é an réasún atá ina bhunús ag a dtuairimí ach a gcuid mothúcháin. Cuireann siad inár leith go bhfuilimíd ag caitheamh anuas orthu san atá gan Ghaeilge, ach is í an fhírinne ná gur ina samhlaíocht féin atá an dearcadh sin.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMIs minic nach mbíonn cáinteoirí seo na Gaeilge go h-iomlán ar a suaimhneas maidir lena n“Éireannachas” féin. Tá siad tírghrách, bródúil as an dtír agus as an bpobal ónar fáisceadh iad. Ach in ionad a bheith bródúil go bhfuil teanga dár gcuid féin againn in Éirinn, is amhlaidh go ngoileann sé go pearsanta orthu nach bhfuil an teanga sin ar a dtoil acu féin. Ach tá réiteach ar an bhfadhb sin acu: ísliú céime a thabhairt don nGaeilge.

Tá na mothúcháin ghortaithe seo le sonrú go soiléir i ngach aon rud a scríobhann Kevin Myers ar an ábhar. Níor fhoghlaim Kevin aon Ghaeilge ar scoil toisc gur tógadh i Sasana é. Ach is Éireannach é Kevin, a bhfuil a shaol agus a bheatha aige sa tír seo. Cuireann sé cás gnéithe ar leith de shaol na hÉireann, cosúil le iobairtí na nÉireannach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus glacann sé seasamh láidir paiseanta ar cheisteanna tabhachtacha áirithe na linne seo sa tír: cúrsaí an Tuaiscirt, an pholaitíocht, ‘sea, agus an Ghaeilge.

Is Éireannach é Kevin, ach dála roinnt mhaith eile, níl sé sásta lena hÉireannachas. Samhláionn sé go bhfuil “Éireannachas” eile ann atá “níos fearr” ná a chuid Éireannachas féin. Seafóid atá sa mhéid seo ann féin, agus tá sé olc a dhóthain gurb é Kevin an té atá ag caitheamh anuas ar a Éireannachas féin. Ach ní leor san dá leithéidí go bhfaighidh siad réiteach “na faidhbe” seo dóibh féin: sainmhíniú an Éireannachais féin a cur as a riocht.

Tá sé íoróineach gurb ‘shin é a chuireann siadsan inár leith: go bhfuilimídne ag meascadh an Éireannachais agus an Ghaelachais. Tá siadsan ag iarraidh an Gaelachas a dhíbirt as an Éireannachas i bhfábhar “Éireannachas” a thagann lena ndearcadh féin. Deir siad go bhfuilimíd ag brú Gaeilge orthu – ach b’fhearr leosan dá mbeadh an Ghaeilge marbh agus gan ach Béarla amháin sa tír seo. Is deas le cuid acu an Pholainnis agus an tSínis a lua mar samplaí teanga ar mó labhartha iad ná an Ghaeilge, ach ní shílim go bhfuil aon ghrá ró-mhór acu don inimirceoir ná don ilchultúrachas.

Uaireanta, áfach caithfear an dúshlán a thabhairt. Tá páirt glactha agam sa tráchtaireacht ar an ábhar an tseachtain seo ar bhlaganna Gaeilge Shéamais Uí Neachtain agus Hilary Mhic Shuibhne. Agus tá díospóireacht bhreá bhríomhar (agus sibhialta!) i mBéarla ar bhlag le Sarah Carey. Tá Richard Waghorne féin i measc na dtráchtairí ann agus cuma an réasúin air! Measaim go gcuirfidh mé mo ladar isteach!

Bíonn cúrsaí teangan teasaí a ndóthain, ach “hell hath no fury” ar nós mamaíbhlagadóir maslaithe! Tharraing ban-bhlagadóir le leasainm gaelach fearg na máithreacha uirthi féin ag an gcomhdháil BlogHer le déanaí. Léigh “I hate mommy bloggers” ag lasadh.com.

Agus tá cogadh lasta idir táilliúr-blagadóir Saville Row, Thomas Mann, agus fear faisin na hIodáile Giorgio Armani. Dar leis an couturier cáiliúil, tá traidisiún Saville Row as dáta. Ag labhairt thar ceann Thomas, tugann Hugh MacLeod an dúshlán: “Ainmigh an t-am, Giorgio - agus an áit!”

Richard? Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

10 Freagraí:

Arsa Blogger aonghus ...

An deacracht leis an bplé sin ná an oiread ama a chuireann tú amú ag pleascadh na miotas a chuireann siad i do leith gur airteagail creidimh agat iad - "Ceapann tusa gur Éireannach níos fearr thú de bhrí go bhfuil Gaeilge agat" agus mar sin de. Is annamh go n-éistear leis na fíor cúiseanna atá againn bheith ag labhairt gaeilge (mar shampla, is le Gaeilge a tógadh mé) agus má thugtar aird ar bith orthu is chun beag is fiú a dhéanamh díobh é - "Is eisceacht thusa, mar sin ní bhaineann an ple seo leat..."

11 August, 2006 15:57  
Arsa Blogger Conn ...

Sin an chúis ná bacaim leo de ghnáth. Snámh in aghaidh easa!

14 August, 2006 08:30  
Arsa Anonymous kay ...

Ach i gcónaí bíonn daoine ann a deir rudaí cosúil le "tír gan teanga tír gan anam" agus a leithéid- nach dtugann sin le fios go bhfuil bunús éigin leis an smaoineamh sin go gcreideann lucht na Gaeilge nach bhfuil daoine gan Gaeilge chomh maith le hÉireannaigh eile?

Ní aontaím gur obair amú an scéal a phlé. Is maith an rud é fógraíocht, bíodh sé olc nó maith.

Cé nach go mbíonn a mhalairt de thuairimí agam de gnáth is a bhíonn ag daoine eile ní hé sin a rá is nach bhfuilim sásta an t-oileán seo a roinnt leo.

14 August, 2006 12:11  
Arsa Blogger aonghus ...

Ní ann do "phobal na Gaeilge" sa chiall is go bhfuilimd uilig ar aon tuairim faoi aon rud!

Féach go bhfuil idir Áine Ní Chonaill PRO agus cumannaigh ina nGaeilgeoirí. Caitlicigh dílse, agus aindiagh dílse.

Ach tá samhail ag na Gaelophobes gur dream eagraithe faisisteach "is Éireannach níos fearr mise ná thusa" muid go léir.

Tógann sé chomh fada sin an claondearcadh sin a bhriseadh síos nach tosaníonn plé cheart riamh ach go hannamh.

14 August, 2006 13:50  
Arsa Anonymous kay ...

Ceapaim go bhfuil an iomarca caint anseo ar rudaí a phléascadh is a bhriseadh, tá bealach níos séimhe ag teastáil.

Tá tuairimí eile ann. Is féidir a thuiscint an caoi a dtagann daoine ar na tuairimí sin. An gá dul i mbun foréigean chun daoine a mhealladh le teacht ar mhalairt tuairime.

Cinnte ceapaim féin go bhfuilim níos fearr as toisc Gaeilge, Béarla, Spáinnis, Fraincis agus cupla focal Polainnis agam, cad tá cearr le sin? Ag an am céanna tuigim go bhfuil buntáistí eile ag daoine seachais a gcumas teanga a fhoghlaim. Faoi scáth a chéile a maireann na daoine, nach ea?

Is maith an rud snámh in aghaidh easa uaireanta, cé go bhfuil sé deacair, dá ma rud é go ndéanfadh níos mó daoine é d'fhéadfaimis an easa úd a chur ag dul i dtreo eile.

An rud is mó a ghoileann orm sa mhéad atá ráite sa díospóireacht seo ná an bealach a cheaptar go bhfuil fhios ag daoine go díreach cad iad na smaointe atá i gcinn daoine eile. Ní dóigh liom go bhfuil an cumas sin ag éinne ach dá mba rud é go raibh plé ar an scéal b'fhéidir go dtuigfimís a chéile níos fearr.

14 August, 2006 14:44  
Arsa Blogger aonghus ...

Sé mo thaithí a thug orm an méid thuas a scríobh.

Tá plé déanta agam ar agus as líne le daoine ar an abhar. Agus táim brean agus bailithe de dhoiane a bheith ag cuir tuairimí i mo leith nach bhfuil agam olc maith na dona.

Sin an méid a bhí i gceist agam le claondearcadh a phleascadh, mar a phleascfá bolgán.

Níl suim dá laghad agam i lámh laidir.

Ceist do gach aoinne a fheiniúlacht fhéin. Ach tá dhá thaobh le caoinfhulaingt.

nobody mé, agus ní teanga marbh an teanga lenár tógadh mé!

Is fearr liom fanacht glan ar an ndream a scairteann a léitheid i'm phluc, agus dul ar aghaidh go ciúin le gaeilge a labhairt, is a scríobh, is...

14 August, 2006 22:19  
Arsa Blogger aonghus ...

Bhuel, tá mo ladar curtha sa scéal agam anois théis dara blag Sarah Carey. Ach ta amhras orm go mbeadh toradh dá laghad air.

Suaimhneas agaibh go léir!

15 August, 2006 20:56  
Arsa Anonymous kay ...

Bhuel, táim tar éis cuid den bhlag sin a léamh. Tá brón orm nár chaith mé an t-am ar bhealach níos fónta. Níl aon rud nua ann, níl aon smaoineamh nua ann - na seanghearáin chéanna is a bhí ann nuair a thosnaigh mé ag múineadh na Gaeilge i bhfad i bhfad ó shoin. Nach fada fadálach leadránach é mar bhlag. Ach más teiripe é do dhuine atá fós á chrá ag cuimhní a h-óige is dócha go bhfuil tairbhe éigin ann. Aontaím le hAongus is fearr leanúint ar aghaidh ag labhairt agus ag scríobh na Gaeilge agus gan am a chur amú lena leithéid de thruflais. Tá súil agam nach mbeidh sé ró-chiúin agus go mbeidh ábhar cainte níos suimiúla againn...á mhuise cinnte go mbeidh nach bhfuil Conn i mbun togra iontach eile.

16 August, 2006 11:38  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Táimse idir dhá chomhairle. Tá an ceart ag Aonghus nach mbeidh toradh ón díospóireacht, agus tá an ceart ag Kay gur fiú í a dhéanamh pé scéal.
"Is maith an rud snámh in aghaidh easa uaireanta, cé go bhfuil sé deacair, dá ma rud é go ndéanfadh níos mó daoine é d'fhéadfaimis an easa úd a chur ag dul i dtreo eile."
Sin an fáth go bhfuil mo bhlag an Caomhach ann! Gach rud a deir Aonghus faoi dhearcadh daoine i gcoinne na Gaeilge, is fíor sin faoi dhearcadh polaitiúla daoine i gcoinne na Stáit agus i gcoinne Iosrael. Bunaithe ar mhiotas do-sháirithe a dtuairimí, go mion-mhinic. Ach sin an saol.

16 August, 2006 14:51  
Arsa Anonymous kay ...

An t-eas a chur ag dul suas in ionad a bheith ag dul síos b'fhéidir ;-) atá i gceist. Sin rud a bheidh úsáideach do na bradáin is dócha. Ní bheadh ar an duine uasal úd, an Diúc Devonshire an cora san Abhainn Mhór a bhaint mar sin.

16 August, 2006 23:43  

Post a Comment

<< Home