Friday, August 25, 2006

Imeall #161: Scéalaithe

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeMar a dúirt an tseachtain seo chaite, is bóthar cam crua í an fhoilsitheoireacht - agus is iomaí cor ar féidir a bheith ina bhac ar an úrscéalaí agus é ag iarraidh conarthaí le h-áisínteachtaí agus le foilsitheoirí. Ach fiú má cheapann tú go bhfuil do mhargadh déanta, ní h-ionann an méid sin féin agus talamh slán.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMB'amhlaidh do Scott Sigler. I 1998, chuir sé críoch lena chéad úrsceal, scéal ficsean eolaíochta dár teideal Earthcore. An bhliain dár gcionn fuair sé áisínteacht fhoilsitheoireachta a bhí sásta é a reic ar a shon, agus in 2001, d'fhoilsigh AOL/Time Warner é mar leabhar leictreonach. D'éirigh go maith leis an leagan leictreonach agus bhí sé le cur i gcló in 2002 nuair a dhún an mátharchomhlacht an rannóg a bhí ar tí an leabhar a fhoilsiú.

Thóg sé bliain ar Scott na cearta foilsitheoireachta a fháil ar ais ina sheilbh féin, ach ina dhiaidh sin, níor éirigh leis aon chomhlacht eile a aimsiú a bhí sásta an leabhar a fhoilsiú.

Ansin ag tús na bliana 2005, chuala Scott faoi ghluaiseacht nua a bhí ag borradh ar an idirlíon: an phodchraoltóireacht. Modh nua fior-fhuirist ab ea é seo chun cláracha raidio a dháileadh ar an lucht éisteachta. Bhuail smaoineamh é.

Bhí a leabhar aige, ach ní raibh “cultacha” na gcomhlachtaí foilsitheoireachta toilteanach é a fhoilsiú dó. Bhí a leabhar aige, ach ní raibh aon slí aige é a chur ós comhair an phobail. Bhí a leabhar aige, ach ní fhéadfadh sé puinn tairbhe a bhaint as - nó an bhféadfadh?

Taibhsíodh do Scott go bhféadfadh sé a leabhar a chur ag obair ar a shon, ach é a thabhairt uaidh, saor in aisce, mar leabhar fuaime, dáilithe le módh na podchraoltoireachta i bhfoirm sraithscéil. B'fhéidir nach mbeadh an lucht éisteachta ag díol chun éisteachta leis, ach bheadh an leabhar ag tuilleamh luach saothar mar sin féin, i bhfoirm cáil agus aitheantais agus poiblíochta - agus lucht leanúna chomh maith.

Déirigh thar barr le podchraoladh Earthcore agus d'éist 10,000 duine leis. D'éirigh chomh maith sin leis gur cuireadh i gcló ansin é! Anois tá leabhar eile foilsithe aige, Ancestor, agus an triú úrscéal á phodchraoladh aige: Infection.

Tá Scott ag leanúint conaire atá leagtha amach ag scríobhnóir eile: Cory Doctorow. Cuireann Cory a chuid úrscéal ar fáil i bhfoirm téacs, ar a shuíomh le cead iomlán ag éinne iad a íoslódáil agus a chóipeáil agus fiú iad a athfhoilsiú, chomh fada is nach ngearrann siad táille ar a shon, faoi cheadúnas “Creative Commons”. Scaipeann saothar Cory go fairsing dá bharr seo - agus is cosúil go bhfuil dóthain daoine atá ag iarraidh cóip crua dá leabhar go ndíolann na foilsitheoirí lear maith acu in ainneoinn iad a bheith saor le h-íoslódáil.

Ach tá cor eile sa scéal ag Cory. Thug sé faoi ndeara gur ar éigin a dhíolann sé aon leabhar i dtíortha an domhain neamhfhorbartha. Mar sin, tugann sé cead do dhaoine sa tríú domhain a chuid leabhar a athfhoilsiú agus fiú iad a dhíol gan oiread agus pingin a thabhirt dó féin.

Dar leis, níl faic á chailliúint aige - agus níl cead ag fiontraithe an tríú domhain na leabhair atá déanta acu a dhíol i dtír forbartha, áit na bhfuil custaiméirí ag Cory atá sásta díol as a chuid leabhar.

Tá slite eile chun airgead a thuilleamh ón scéalaíocht, mar atá á léiríú ag Patrick McLean ar a shuíomh theseanachai.com. Tá drámaí gearra fuaime le Patrick ar fáil saor in aisce uaidh, ach tá T-léinte agus earraí eile ar díol ar a shuíomh aige, agus tá cnaipe deontais ar an leathanach leis an mana “Buy The Seanachai a Pint.” Tá sraith amháin dá chuid, How to Succeed in Evil, foilsithe ina leabhar grafach ag ealaíontóir chomh maith, agus tá sé sin ar díol chomh maith.

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Watercolors le Bill (PMN)

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

1 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Ar léigh tú an ceann seo riamh?
http://www.geocities.com/faolchu.geo/tachtaimis-tulleathanach.html
Déantar rudaí as Gaeilge, freisin...
Ba shuimiúil an t-eolas a roinn tú sa cheann seo. Cá bhfios nach ndéanfaidh mise podchraoladh as píosa mo shaothair féin ar ball...

25 August, 2006 16:08  

Post a Comment

<< Home