Tuesday, August 29, 2006

Imeall #162: Cé 'tá ag éisteacht liom?

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Iarraim cabhair oraibh, a lucht éisteachta, agus go h-áirithe oraibhse, nach n-éistíonn in aon chor leis na podchraoltaí seo.
  • Gach eagrán den Imeall a eisítear, tarraingítear 200 cóip dó anuas ón freastalaí ag podcasting.ie. Sin é bun agus barr an eolais atá agam faoi. Ní fheadar, mar shampla an n-éistítear leo? Ná ní fheadar an bhfuil an 200 céanna ag tarraingt gach comhad, nó an daoine difríula iad?
  • Cabhraígí liom, le bhúr dtoil, crot éigin a chur ar an eolas seo. Buail anseo chun páirt a ghlacadh in Suirbhé Éisteachta an Imill.
  • Ní iarrfar aon sonraí pearsanta oraibh, na ní gá aon cheist a fhreagairt nach bhfuil sibh compórdach leis. Ach chabhródh se go mór le mo chuid iarrachtaí anseo ach léargas éigin a bheith agam ar an toradh atá ar an obair seo.
  • Ceol Podslán: Whether I'm Wrong le Allison Crowe.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

3 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Cuireann tú an taistealaí úd sa dán i gcuimhne dom - The listeners

29 August, 2006 20:08  
Arsa Blogger Conn ...

Fíor-annamh go mbíonn an tigh seo chomh ciúin agus a bhí agus an taifead sin á dhéanamh agam. Agus nuair a d'fhágas, ní raibh fágtha ann ach na "listeners"!

Aisteach go leor, cuireann an dán sin ceann eile i gcuimhne dom: Na Coisithe.

30 August, 2006 11:35  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Is cuimhin liom an dán sin a fhoghlaim i bhfad ó shoin nuair a bhí mé ar scoil. Is maith liom é.

Bhí ceann eile chomh maith mar gheall ar "coirm ceoil is rince is damhsa" a bheith ar siúl ag na síoga ach níl ach líne amháin fágtha agam. " i gcoim na hoíche dorcha nuair a bhíos an saol ina luí bíonn coirm ceoil is rince is damhsa ag na sí. " Ní hamháin na síoga a bhíonn a leithéid ar siúl acu na laethanta seo.

Faraoir ní raibh ar siúl sa cheantar seo ach aláram buirgléireachta duine éigin agus bhí sé ar siúl ar feadh fada, bhí mé traochta inné dá bharr.

30 August, 2006 14:17  

Post a Comment

<< Home