Thursday, August 31, 2006

Imeall #164: Do-chreidte!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Alt san Irish Independent inné ar an mblagadóireacht agus ar an bpodchraoltóireacht. Tuilleadh eolais ar mo bhlag Béarla.
  • Beidh mé le clos ar Newstalk 106, maidin De´Sathairn.
  • Cuirigí fáilte roimh Raido Fáilte! (An bhfeadar éinne an bhfuil suíomh idirlíon acu fós?) Ag dul ar an aer 15ú Meán Fomhair.
  • Cuirigí fáilte roimh bhlag nua le tuairisceoir An Líonra Sóisialta, Fiona Ní Chéirín.
  • Scéal dochreidte: Fuinneamh in Aisce? Maíonn comhlacht Éireannach go bfuil sé ar a gcumas 2ú Dlí na Teirmidinimice a shárú! Tá siad lán-dáiríre faoi. An gcreideann sibhse é seo?
  • Ceol Podslán: At The Laundromat le Samantha Murphy.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

2 Freagraí:

Arsa Blogger Dubhaltach ...

"Fuinneamh in Aisce? Maíonn comhlacht Éireannach go bfuil sé ar a gcumas 2ú Dlí na Teirmidinimice a shárú! Tá siad lán-dáiríre faoi. An gcreideann sibhse é seo? "

Dá mbeadh sé seo fíor, ní bheidh an domhan an céanna arís riamh.
Agus cuireann an cás seo cás cosúil leis i gcuimhne dom a bhí thart cúpla bliain ó shín, bhí fear as an Lú nó áit éigin mar sin ag rá an rud céanna.

Ach mar is eol do gach duine le haon chiall, ní féidir le éinne chumhacht shaor a chruthú.
Níl ann ach éacht poiblíocht ag an gcomhlacht seo.
Nó tá siad ag déanamh iarracht bob a chur ar a lán daoine.

Ag an am céanna bheinn chomh sásta a bheith mícheart faoi seo!!

01 September, 2006 16:41  
Arsa Blogger Conn ...

"Ag an am céanna bheinn chomh sásta a bheith mícheart faoi seo!!"

Agus mise leis!

04 September, 2006 14:12  

Post a Comment

<< Home