Friday, October 20, 2006

Líonra 4.5 - Cúngchraoltóireacht

Buail anseo chun éisteachta!

Tá camchuairt mearaí tugtha againn an tseachtain seo ar an gclár - thart ar shaol na podhraoltóireachta! Ní h-é go rabhamar ag iarradh scoth na bpodchraoltaí a thaispeáint daoibh – ach léargas a thabhairt ar an éagsúlacht mhór atá ar fáil.

D’fhéadfaí a rá, fiú, nach bhfuil aon bhaint ag focail cosúil le “scoth” i gcás na podchraoltoireachta. Tá rath agus éileamh ar phodchraoltaí nach sásódh caighdeáin na gnáth-chraoltóireachta ar thonnta raidio. Agus, chomh fada is atá an caighdeán fuaime réasúnta, ní ar na luachanna léirithe a mheastar na podchraoltaí ach ar an an bhfreastal a dheineann siad ar ábhar suime a lucht éisteachta.

Cé go bhfuil podchraoltaí ginearálta ann ag plé le h-ábhair ghinearálta, de ghnáth deineann na gnáthmheáin raidio agus teilifíse jab níos fearr le mórscéalta an lae. Ach ‘sé buntáiste mór na bpodchraoltaí ná gur féidir leo díriú go speisialta ar na mionscéalta agus ar an mionlach a bhfuil suim acu iontu.

Is minic a tugtar “narrowcasting” ar seo: rogha leathan ábhar foilsithe, gach ceann acu ag freastal ar phobal beag dílis.

Cuirim i gcás: pobal na gcluichí ríomhaireachta. Ainneoinn an dúil sa teicneolaíocht atá agam féin – fanaim glan amach ó chluichí ríomhaireachta. Tá eagla orm go súfaí isteach i bpoll meilte ama eile mé! (Tá an phodchraoltóireacht olc a dóthain!)

Ach is caitheamh aimsire taitneamhach iad na cluichí ríomhaireachta, agus gréasán beoga sóisialta chomh maith! Tugann fóirne “gamers” aghaidh ar a chéile go rialta i gcomhraicí idirlín. Ach, le cabhair an leathanbhanda, ní gá a bheith in aon seomra - ná fiú in aon tír – le do chomh-imreoirí, bíodh siad ar aon fhoireann leat – nó i do choinne!

Is ar éigin a d’aithnódh ár sinsear gur pobal atá i gceist anseo – ach má éistíonn tú leis an gclár podchraolta N-Europe, i gcomhair úsáiditheoirí Nintendo san Eoraip, ritheann sé leat go bhfuil tú ag éisteacht le raidio pobail! Cuireann foireann imreoirí óga as Éire, an Bhreatain, agus tíortha eile san Eoraip an clár i láthair, ag usáid fóin idirlín (Skype) chun comhrá.

Sin é an bua is mó atá ag an bpodchraoltóireacht: is féidir le aon duine é a dhéanamh. Ghnóthaigh Dawn & Drew, lánún óg pósta i Wisconsin Mheiriceá, na mílte éisteoir dá gclár magúil gligínteachta agus gan acu ach ríomhaire glúine agus micreafón a cheannaíodar ar $20. An bhfuil rud éigin le rá agatsa? An bhfuil ceisteanna le cur agat? Ní gá tarchuradóirí chun do ghlór a chraoladh. Ní gá stiúidíó costasach. Agus ní gá duit cead a iarraidh. An duine fásta tú? Is leatsa an t-idirlíon más ea. Abair leat!

Ag caint le Séamas Ó Neachtain an tseachtain seo, ó phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge, ghuíomar nára fada go mbeidh na scórtha podchraoltaí Gaeilge ann agus na mílte éisteoir acu. Measaim go bhfuil siad ag teacht – leithéidí Patrick Schaler mac léinn meánscoile ó Bhaile Átha Cliath. Chuir sé tús lena phodchraoladh an mhí seo chaite agus tá rún aige agallaimh a chur a Hector agus ar Enda Kenny TD!

Seo cuireadh daoibh! An bhfuil cumas taifeadta fuaime agat? Seol do MP3 Gaeilge chugam ag eolas@anlionra.com, go gcuirfeadsa “ar an aer” tú! Nó glaoigh ar an líne glórphoist: (087) 2602205 in Éirinn, (201) 984 3419 i Meiriceá.

T-Líonra!Nó tar chun cainte liom ag Oireachtas na Gaeilge. Beidh An Líonra Sóisialta ag triall ar chathair Dhoire i gceann coicíse do mhór-thionól na Gaeilge. Má tá tusa ag dul ann, bí cinnte go mbeidh tú gléasta i gceart, agus T-Léine álainn oifigiúil An Líonra Sóisialta ar do cholainn fíor-ghaelach. Beidh siad seo ar díol go luath ar an suíomh againn, anlionra.com (Athshonrú: tá siad ar fáil anois!), nó d’fhéadfá ceann a bhuachaint i gcomórtas na seachtaine seo chugainn ar an gclár. Tugaígí cluas le podchraoladh an lae inniu!

Comórtas Podchraoltóireachta!

An T-Líonra: Cúl le Cine!

  • 3 x T-Líonra(TM) le buachaint!
  • Dein 2 nóimeád fuaime a thaifeadadh ar do rogha ábhar.
  • Seol an MP3 isteach chugainn ag eolas@anlionra.com
  • Glaoigh ar an uimhir glórphoist agus scaoil amach é!
          • 087 2602205 in Éirinn
          • (201) 984 3419 i Meiriceá

1 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Conn

Bhí an Steve Earle track ar fheabhas - cúpla lá o shin. D'éistíos leis inniu.
Gach rath ort - agus míle buíochas as ucht d'oibre ar son na teangan.

Ciarraíoch i Sasana

20 October, 2006 18:43  

Post a Comment

<< Home