Friday, October 13, 2006

Líonra 3.5 - Lorg an Cheoil

Buail anseo chun éisteachta!

Chaitheamar súil ar chúrsaí ceoil an tseachtain seo ar An Líonra Sóisialta.

D’inis Gloria Estefan dúinn gur theip ar na mórchomhlachtaí ceoil freastal ar mhianta an phobail agus deiseanna an idirlín a thapú chun rogha a thabhairt dá gcustamaeirí.

Má dheineann tú téip nó dlúthdhiosca le do rogha amhrán, agus má bhronnann tú ar do chara é, tá tú ag briseadh an dlí. Má dheineann tú píosa cainte a thaifeadadh in éineacht leis an gceol, agus má chuireann tú ar an idirlíon é chun gur féidir le h-aon duine é a íoslódáil, ansin is podchraoltóir tú! ‘Sea agus tá tú fós ag briseadh an dlí!

Níl sa phodchraoltóireacht más ea ach cóipeáil agus dáileadh fuaime, de ghnáth gan aon srianta cóipeála DRM (Digital Rights Management). Agus sáraíonn sé an dlí sa chás go bhfuil ábhar faoi chóipcheart i measc na bhfuaimeanna atá dá gcóipeáil.Mura bhfuil réiteach simplí ar an bhfadhb seo, tá bealach timpeall uirthi! Sin é an ceol “podslán”. Ciallaíonn “podslán” go bhfuil cead speisialta tugtha ag úinéir an cheoil gur féidir é a chasadh ar phodchraoladh. Agus má tá leisce ar shean-fhondúirí an tionscail a gcuid maoine a cheadú sa tslí seo, ní mar sin don tslua óg neamhspleách atá ag teacht sna sála orthu! Gan chonarthaí ceoil, gan tionchar ar liostaí seinnte na mór-stáisiún raidio, ach tá siad gach pioc chomh súáilceach céanna leis na h-ainmneacha móra.Éist le Leona Daly, nó le Lorraine O’Reilly. Níos fearr fós, féach ar na físeáin atá curtha in áirde acusan ar YouTube.com (Leona, Lorraine). Féach an léiriú atá déanta ar We Know You’re From Croydon le Joan Coffey. Airigh an cumas agus an ealaíon ag Sarah Packiam, ina h-aonar, le glór, giotar agus físcheamara, agus i rac-cheol álainn Samantha Murphy, gan aici siúd ach na h-úirlisí céanna, ag déanamh ceolchoirm ghlórach in halla a tí!

Dála an scéil, is í Samantha an t-aon duine sa liosta sin nach Éireannach í (cé go bhfuil sí bródúil mar sin féin as an sinsear a thug an sloinne sin di).

Ní h-aithníonn tú na h-ainmneacha sin? Ní chloisfidh tú ar an raidio iad – go fóill!

Ach chífidh tú ar MySpace iad, agus cloisfidh tú ar phodchraoltaí iad – cosúil leis an Spudshow, an podchraoladh “beagnach laethúil” i nGaeilge a chuireann ceoltóirí neamhspleácha mná na hÉireann inár láthair.

Tá na mór-chomhlachtaí ceoil tagtha go sotalach chuig cóisir an idirlín, agus a gcuid earraí ar fáil (le srianta áirithe) in áiteanna ar nós siopa ceoil iTunes. Ach féach go bhfuil cuid mhaith ceoltóirí neamhspleácha sa tsiopa sin chomh maith. Tá siad ag díol a gcuid amhrán tríd iTunes agus CDBaby.com, agus ag cothú lucht leanúna dóibh féin le MySpace, leis an nGréasán Podslán agus le downloadmusic.ie. An bhfuil deireadh ré na gcomhlacht mór ann?

Tá an pholaitíocht ina mór-scéal i mblaganna na hÉireann an tseachtain seo, tar éis gur reachtáladh comhdháil ar an ábhar “Blagadóireacht an Toghcháin” i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Tá tuilleadh eolais ar irishelection.com, agus taifeadtaí ar dhíospóireachtaí an lae ar podcasting.ie.

Beidh tuilleadh tráchta ar na h-ábhair seo againn ar An Líonra Sóisialta. Díreoimíd go speisialta ar chúrsaí poliatíochta i mí na Samhna, agus pléifear cúrsaí físe agus grianghrafadóireachta i gceann coicíse. Agus más suim leat a thuilleadh a fhoghlaim faoin bpodchraoltóireacht, bígí linn an tseachtain seo chugainn!

Ar deireadh thiar, agus mé ag caint ar an gceol podslán, dúirt cheana go bhfuil roinnt cheoltóirí cáiliúla tar éis samplaí dá gcuid ceoil a scaoileadh le ceadúnas podslán. Uaireanta áfach, bíonn fadhb acu sin a dhéanamh mar, cé gur leo an t-amhrán, bíonn an taifead féin i seilbh chomhlacht ceoil. Tá réiteach simplí air sin: an ceol a ath-thaifeadadh, go minic ag ceolchoirm beo. Sin é ata deánta i gcás Rogha Ceoil Phodchraolta na seachtaine seo againn: Copperhead Road le Steve Earle.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home