Saturday, May 26, 2007

Athmhuscailt an Imill

N'fheadar cá dtosnóinn ag insint scéal na dtrí mhí (nó mar sin) atá díreach caite.

Tá cuid de le léamh thall ar an mblag Béarla (ach níl sé go léir ann).

Tá athrú suntasach tagaithe ar an saol agus ar an gcur chuige atá agam i leith na suíomhanna seo.

Ní bhacfaidh mé le scéal gearr a dhéanamh fada de, ach is féidir liom an méid seo a rá. Beidh An tImeall ar ais go luath. Beidh sé difriúil, agus tá súil agam go mbeidh sé nios fearr.

Go raibh maith agaibh as an bhfoighne.

3 Freagraí:

Arsa Blogger aonghus ...

Táimid ag tnúth le gníomh ceannródaíoch eile uait, a Chonn céad chraoltach!

27 May, 2007 15:13  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Bhí imní orm gur thit tú ó dhromchla na talún! Tá áthas orm go bhfuil tú go maith agus go mbeidh an tImeall ar ais!

30 May, 2007 22:48  
Arsa Anonymous Anonymous ...

...agus athchríoch? Cá bhfuil tú, a Choinn?!

13 June, 2007 19:13  

Post a Comment

<< Home