Tuesday, February 27, 2007

Spiorad na Fiontraíochta - Spiorad an Ghréasáin

Tá an colún seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá Nua.Is blagadóir é Pat Phelan, agus fiontraí gnó. Tá an príomh-bhlag aige ag blog.roam4free.ie, ainm a thugann leid faoin earnáil gnó ina bhfuil sé ag saothrú. Tá roinnt táirgí agus tionscnamh éagsúla idir lámha aige: córas chun costas fánaíocht idirnáisiúnta na bhfón póca a shábháil, agus córas chun glaoch thar lear ar neamhní – nó geall leis (allfreecalls.net, nó allfreecalls.ie as Éirinn).

Tá spiorad na fiontráiochta i Pat, rud a mheasann Eddie Hobbs a bhí riamh i muintir na hÉireann, ach go raibh ar na fiontraíthe dul ar imirce go tíortha eile sara fuaireadar deis a gcuid fiontraíochta a chur i gcrích. Labhair Eddie ag comhdháil de chuid IT@Cork i mí na Samhna agus foilsíodh an óráid a thug sé i bhfoirm phodchraoladh an tseachtain seo chaite.

Tá cáil an droch-scéil ar Eddie - fear a insíonn an fhírinne lom faoi chúrsaí maoine agus fiacha do dhaoine nach bhfuil sásta í a admháil. Agus bhí droch-scéal aige an uair seo don ngeilleagar domhanda: ní féidir brath air go leanfaidh an fás eacnamíochta gan staonadh, os rud é go bhfuil an fás sin bunaithe ar ola atá cuíosach saor. Mhol sé nár chóir d’aon phlean gnó ciallmhar neamh-áird a dhéanamh de “fadhb na buaice” maidir le h-ola, agus cháin sé nach bhfuil aon ainilís déanta ag an rialtas ar na h-impleachtaí a bheidh ann do chúrsaí gnó sa tír seo nuair a shroichfidh an breosla $200 in aghaidh an bhairille. Tá aitheasc Eddie le clos ag itcork.ie.

Bead féin ag labhairt faoi scáth na h-eagráiochta IT@Cork um thráthnóna, dála an scéil. Reachtálfar seimineár ar “An Phodchraoltóireacht i gCúrsaí Gnó” ag 5:30 in Ionad na mBogearraí (NSC) i Machain, Corcaigh.

Beidh podchraoltóir Bhaile Átha Cliath, Brian Greene, ina aoi-chainteoir ag an NSC chomh maith inniu, agus tá feachtas nua blagadóireachta seolta aige sin le deánaí. “Nach ait”, cheap sé, “nach féidir seirbhís teilifíse digití RTE agus TG4 a fháil, mura bhfuil síntús agat le Sky?” Má aontáionn tusa le Brian, is féidir a thuilleadh a léamh, agus achainí leictreónach a shíniú, ag rte2fta.com.

Murach an coinne i gCorcaigh, bheadh fonn mór orm a bheith i láthair inniu in Óstán an Alexander i mBaile Átha Cliath, don gcomhdháil lae faoin dteideal “An Ghaeilge Agus Do Vóta” faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Ach ar a laghad tá fhios agam go mbeidh tuairisceoireacht mhaith ar imeachtaí an lae ar Gaelport.Com, agus ar bhlag nua na Comhdhála gaelport.blogspot.com.

Is san Alexander a bheidh Gradam na mBlaganna Dé Sathairn, agus táthar ag glacadh le réamh-áirithintí ar na suíocháin anois ag an suíomh awards.ie.

I measc na mblaganna is mó a mheastar go bhfuil seans maith aige sna Gradaim sin tá an blag “cúlchainteach” blogorrah.com. D’fhoilsigh siadsan an tseachtain seo ceann des na pictiuírí is greannmhara a chonacsa le fada an lá: léirsitheoir ag Páirc an Chrócaigh le comhartha ag éileamh “No To Foreign Games” - agus culaith sacair Cheiltigh Ghlaschú á chaitheamh aige!

Ar deireadh caithfidh mé tagairt a dhéanamh do físeán álainn atá ag fáil an-chuid tráchta ar Youtube. Dhein an Dr. Michael Wesch, ollamh cúnta san antraipeolaíocht chultúrtha, fiseán taitneamhach a mhíníonn buanna an ghréasáin nua le téacs. Téacs a lúbann agus a aistríonn de réir mar a shoiléiríonn sé a bhfuil á rá aige. Agus é á scríobh agus á chóipeáil i mboscaí téacs ar shuíomhanna idirlíon, taispéanann sé an fhorbairt, ó pheann agus pár, go próiseálaí focal, go suíomhanna idirlín simplí, go blaganna agus wiki-eanna, go dtí YouTube srl.

Dar ndóigh ní féidir é a thaispeáint daoibh ar leathanach an nuachtáin ar maidin. (Níl an teicneolaíocht sin ag Lá Nua – go fóill!) Ach tá sibh á léamh seo ar an leagan idirlín de cholún na seachtaine seo.

Anois, dá mbeadh leagan Gaeilge ann …

Lipéid: ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home