Tuesday, February 27, 2007

Ag Athrú Comhlachta Ón mBonn Aníos

Gabh mo leithscéal - táim an-dhéanach ag cur an ailt seo faoi bhúr mbráid. Foilsíodh é in Lá Nua an tseachtain seo chaite.

Lá Nua. Iompaíonn an t-idirlíon gach rud bun os cionn.

Tugann sé cumhacht na foilsitheoireachta don bpobal, don ngnáthdhuine. ‘Sea agus cumhachtaí eile leis.

Is féidir le duine a thuairimí a nochtadh, agus a mhí-shástacht a chur in iúil ach go h-áirithe.

Maidir le cúrsaí gnó, agus margaíochta ach go h-áirithe, tá athrú fíor-bhunúsach ag titim amach. Cabhraíonn an t-idirlíon go mór leis an tomhaltóir. Má tá tú ar thóir earraí d’aon tsaghas sa lá tá inniu ann, níl tú sásta brath ar fhógraíocht an díoltóra amháin chun eolas a fháil faoin dtáirge. Téann tú ag googleáil féachaint cad tá le rá ag na daoine a bhfuil an táirge sin ceannaithe agus úsáidte acu cheana.

Sin ceann des na bunphoinntí a bhí ag an leabhar The Cluetrain Manifesto a foilsíodh roinnt blianta ó shin. ‘Sé sin: go bhfuil margadh na dtomhaltóirí ag líonrú agus ag comhrá leo féin. Níl siad ag tógaint aon cheann de bholscaireacht “oifigiúil” na gcomhlachtaí, ach ag cloisint na fírinne óna chéile. Ní éireoidh le comhlachtaí mura dtuigeann siad an méid seo, mura mbíonn meas ar a gcustamaeirí acu, agus mura nglacann siad féin páirt sa chomhrá macánta seo le “guth daonna”.

Tá trácht déanta cheana agam ar an mblagadóir Breatanach, Hugh MacLeod. Cuireann seisean prionsabail an Cluetrain i bhfeidhm leis na comhlachtaí ina bhfuil sé páirteach: siopa táilliúra agus comhlacht fíona, agus tá a leagan féin den bhfealsúnacht aige, ar a dtugann sé an Hughtrain.

Le roinnt míonna anuas, tá turgnamh uaillmhianach ar siúl ag Hugh: an féidir íomhá (agus dearcadh) corporáideach ollchomhachta a athrú ón dtaobh amuigh, beag beann ar (nó i ngan fhios do!) bhainistíocht an chomhlachta sin?

Cartúnaí is ea Hugh MacLeod, agus dhein sé pictiúr a sheol sé go dtí cáirde leis atá ag obair le Microsoft.
Hugh made a Blue Monster for Microsoft!
Tá “an t-arracht gorm” ag scaipeadh i measc fostaithe Microsoft. Tá sé in úsáid acu i gcumarsáidí inmheánacha agus tá an-chuid daoine ar an idirlíon ag caint faoi. Agus ní raibh baint dá laghad ag lucht margaíochta Microsoft leis!

Tá an “guth daonna” le sonrú ar fud an bhlag-chruinne. Is deas liom eachtraí Heather Armstrong a léamh. Blag proifisúnta atá anseo atá ar ceann des na blaganna is mó tráchta ar domhan, ach níl d’ábhar cainte ann ach eachtraí pearsanta Heather agus a clann. Tá scoth-scríobhnóireacht ann, agus greann. Agus an guth daonna, na fíor-mhothúcháin sna “litreacha” a fhoilsíonn sí gach mí dá h-iníon Leta. ‘Sí litir uimhir 36 an ceann is déanaí ar an suíomh, ag ceiliúradh 3ú lá breithe an chailín óig.

Ós ag caint ar pháistí atáim, tá daidi-bhlag breá á léamh agam le déanaí: “From Bath to Cork With Baby Grace”. Tá an daonnacht go tiubh anseo – lom, macánta agus fíor-chumhachtach. Tá mír iontach ann a foilsíodh le déanaí faoin dteideal “Coming Off Antidepressants”.

Faraoir, níl “Bath to Cork” i measc na mblaganna a fógraíodh ar an ngearrliosta an tseachtain seo dos na Irish Blog Awards. Ach d’eírigh go maith le tograí Gaeilge sna rannóga podchraoltóireachta, go h-áirithe agus Séamas Ó Neachtain ó Chumann Carad na Gaeilge i Nua Eabhrach liostáltha i rannóg na físphodchraoltóireachta. Aitheantas eile is ea é seo ar shaothar an chumainn sin, agus iad fós ag ceiliúradh an bhua mhóir a bhí acu i gComórtas Domhanda Ghlór na nGael a fógraíodh seachtain agus an Aoine seo chaite. Tá tuilleadh eolais in eagrán 69 de phodchraoladh fuaime an chumainn ag an suíomh philo-celtic.blogspot.com. Maith sibh a Ghaela Mheiriceá – nár laga Dia sibh!

Lipéid: ,

1 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Go raibh maith agat as an lua sin.

28 February, 2007 14:28  

Post a Comment

<< Home