Saturday, September 15, 2007

Lá Breithe Sona, a Raidió Fáilte

Raidió Fáilte, stáisiún Gaeilge Bhéal Feirste, ag ceiliúradh bliain ar an bhfód inniu. Tá an-áthas orm go bhfuair An tImeall cuireadh go dtí an chóisir, agus táim ag tnúth go mór leis an ócáid um thráthnóna sa Chultúrlann.

Go raibh fada buan sibh!

7 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Tá súil agam go mbeidh tuairisc againn uait faoin ocáid seo...Comhghairdeas leat agus leosan.

21 September, 2007 16:33  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Bhí mé chomh trí chéile mar gheall ar an dtrá folamh gur doiligh dom cúpla focal a scríobh go dtí seo.

Mar a dúirt duine éigin ciallmhar an an bhlag seo tráth níl ar chumas an gobadáin an dá thrá a fhreastail. Feicim go raibh an trá seo tréigthe ag ár" ngob dána" agus é ag fáil cothú eile ar trá eile. Guím rath is sonas air ach nach mór an cailliúnt é. Imeacht na nIarlaí arís b'fhéidir.

Ach sula raibh luaith déanta den bhocaire tháinig mé trasna ar leabhar a thug faoiseamh dom chomh maith le heolas níos fearr ar an scéal. B'fhearr go mór dom an bhlag cráite seo a thréigint mé féin agus rud fónta a léamh Seo a d'aimsigh mé. Léargais Léamh eile ar an scéal. Mholfainn do gach éinne é a léamh.

22 September, 2007 15:39  
Arsa Blogger Conn ...

Ní ar mhaithe leis an dtráigh a dheineann an gobadán freastal. 'Sé an príomh-dhualgas atá air ná a chlann a chothú.

Ach ní h-é sin bun agus barr an scéil ach oiread. Ceal spáis in Lá Nua, ní raibh éileamh ar mo chuid altanna le cúpla seachtain anuas. Ach tá athshuaitheadh déanta anois acu, agus beidh An tImeall ina chuid des na leathanaigh gnó gach Déardaoin feasta.

24 September, 2007 14:59  
Arsa Anonymous Anonymous ...

"Níl éileamh ann", Ní maith liom é sin a chloisint. Chualamar é i bhfad ró mhinic i saol na Gaeilge. "Níl aon leabhar Gaeilge acu sa siopa seo toisc nach bhfuil aon éileamh ann". Is mór an trua go mbítear i gcónaí ag cur an iomarca béime ar an líne ar bhun agus gan de chrógacht ann chun ligint don dea-rud é féin a dhíol.

Níl le déanamh ach súil a choimeád ar an mbocaire agus é istigh san oigheann, é a thabhairt amach ag an am ceart agus boladh agus blas milis air. Is ansin a bheidh rachairt air. Lucht an bhunlíne, is annamh iad siúd ag fanacht don am cheart. Déantar neamhaird ar na bocairí agus ní fhágtar díobh ach luaithreach.


Ach tiocfaidh an Féinics as na luaithrigh táim cinnte de.......

Nó b'fhéidir go bhfuil an Féinics tagtha ceana féin agus an idirlín againn chun leabhair a cheannach.

24 September, 2007 22:37  
Arsa Blogger Conn ...

Ní h-é nach bhfuil éileamh ann. Is dócha nach raibh na focail a roghnaíos ró-shoiléir.

Níl spás ann Dé Máirt, agus is fearr a luíonn mo chuid scríobhnóireachta le leathanaigh ghnó na Deárdaoine - sin é a bhí i gceist agam.

24 September, 2007 23:10  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ócé, mar sin fágfaidh mé na bocairí dóite nó a mhalairt. Go n-éirí do ghnó leat, a Choinn.

26 September, 2007 23:41  
Arsa Anonymous Anonymous ...

replica Chanel watch focuses on cars and Breitling focuses on aerodynamics more. In accepted the above aberration would be resale value. This alternation of watches alloy art with abstruse absorption so able-bodied that it has become the hottest affairs artefact in the affluence watch market. Again there is the Formula 1 alternation which is crafted with abundant absorption to detail.

28 November, 2010 02:45  

Post a Comment

<< Home