Thursday, July 31, 2008

Scíth ar bith do bhlagadóirí

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua

Anois agus an iPhone seolta, agus diúltú tugtha ag Yahoo! do thairiscint eile ó Microsoft, tá saol an idirlín ciúinithe go mór - tionscnóirí, tuairisceoirí agus tráchtairí imithe ar a laethanta saoire agus gach aon rud in a thost ... an ea?

Ní h-ea - ná baol air! Dár ndóigh, níl feidhm ag sean-rialacha na nuachta ar an idirlíon, agus is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach - nó fiú scéal suimiúil!

Ní chuireann sé iontas ar bith orm nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil saoire samhraidh ar intinn ag an sár-bhlagadóir Damien Mulley. Ní amháin go bhfuil sé ag blagadóireacht go fuinniúil ar mulley.net (2, 3 nó níos mó alt gach aon lá!), ag tabhairt léachtaí agus ag eagrú seimineár ach tá gradam-ócáid nua á stiúradh aige ar an múnla céanna leis na Irish Blog Awards - sin iad na Irish Web Awards a bhronnfar mí Dheireadh Fomhair seo chugainn. Tá tuilleadh eolais ag awards.ie.

Ach anois tá blag nua aige chomh maith: Bleep.ie, le tuairisceoireacht agus léirmheastóireacht ar ghiúirléidí agus ar theicneolaíocht. Tá sé scríofa go maith, le léirmheasanna go leor ar ríomhairí agus ar fóin phóca agus leis na scéalta is úire, mar shampla faoin bpacáiste nua leathanbhanda 24Mbps, a fógraíodh inné ag BT.

Táim an-thógtha leis an mblag de chuid Chumann Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge ag scribhneoirioga.blogspot.com. Táthar ag foilsiú go han-mhinic ann le roinnt míonna anuas, prós, léirmheasanna agus scéalta suntasacha faoi shaol liteartha na Gaeilge. Go mba fada buan iad!

Ar mhaith leat bheith i scannán zombie? Seo do sheans! Smaoinigh an físbhlagadóir darb ainm Paperlilies ar an seift seo roinnt seachtainí ó shin, agus tá an tionscnamh faoi lán seoil anois ag youtube.com/user/internetzombiemovie. Is comhfhiontar mór atá i gceist anseo - líon mór daoine ar fud an domhain, ag comhoibriú le cabhair YouTube. Ní h-uafás go cur le chéile, is cosúil!

Sampla eile den gcruthaitheacht amaitéarach seo atá á spreagadh ag YouTube ná an Swedeáil. Sin é a tugtar air nuair a dheineann daoine a leaganacha féin de scannáin agus cláracha teilifíse aitheanta.

Cloisfear a thuilleadh faoin Swedeáil sa bhfomhar nuair a taispeánfar sraith nua teilifíse ar an ábhar ar RTE. Tuilleadh eolais ar rte.ie/swededtv.

Caithfear a admháil go raibh scéal mór teicneolaíochta amháin an tseachtain seo, agus cuireadh suimh mhór ann anseo in éirinn. Suíomh cuardaigh nua seolta atá ag tabhairt dúshlán Google, agus iad ag maíomh go bhfuil an t-innéacs is mó ar domhain acu. Agus an rud is suntasaí dar liomsa: tá ainm gaelach aige. Ar thriail sibh fós é? Cuil.com.

2 Freagraí:

Arsa Blogger Kevin Scannell ...

cuil.com = fly.com dar liomsa! Bhí an cheist seo pléite ar Language Log inné.

31 July, 2008 23:26  
Arsa Blogger Conn ...

Bhíos féin á phlé le mo chairde Twitter an lá cheana ...

Sílim go mbeadh Cuil = Cuileog an-oiriúnach, má chuimhníonn tú gur minic a tugtar "damháin alla" ar na ríomhairí a chíorann an gréasán ar son na n-inneal cuardaigh?

01 August, 2008 11:07  

Post a Comment

<< Home