Saturday, December 18, 2004

Agus mé ag tagairt do éagsúlacht mhór na mblaganna, níor chás dom a mhíniú nach aon saothar mór liteartha a bheidh sa cheann seo. Níl aon tuairimí láidre polaitíochta agam, ná ní bheinn ag maíomh go bhfuil aon tuiscint ar leith agam ar cheisteanna casta an tsaoil. Níl aon léargas sainiúil agam le roinnt le lucht léite an bhlaga seo. Go deimhin, níl aon dóchas ró-mhór agam go mbeidh léitheóir ar bith aige seo. Dá mbeadh ní dócha go scríobhfainn i nGaelainn é. Ach is ar mhaithe leis féin amháin atá an cat seo ag crónán: táim á scríobh seo toisc go bhfuil fonn láidir scríofa orm. Tá na focail ag pléascadh amach as mo chloigeann - agus caithfear iad a chur in eagar agus a bhreacadh síos.

Agus cad fé ndear an brú mór focal seo? Tá an freagra sin an-shimplí: 'Sí an Ghaelainn atá ag déanamh tinnis do mo cheann. Ní h-aon scríobhnóir mé, ná níor bhraitheas riamh an dúil focal seo a spreagann na fíor-scríobhnóirí, im' thuairimse. Ach is duine mé atá in éagmais bhealaigh éalaithe do mo chuid Gaelainne. Dá mbeadh deis agam í a labhairt go laethúil i ngnáth-bheartais an lae, ní dóigh liom go gcuimhneóinn riamh ar bhlagáil. Ach táim mar atá, anseo ar an imeall, ag sú Gaelainne isteach ó mheáin chumarsáide Ghaelacha na tíre seo, á labhairt le mo chlann agus le mo chomh-dhíograiseóirí ag ócáidí fánacha Chonradh na Gaeilge, ach don chuid is mó, srianta, balbhtha ag an dtimpeallacht chathardha seo ná tuigeann ach Béarla.

Mar sin - seo geek-blog eile! Seans ag an ndíograiseóir aonair a phaisean ciúin a chleachtadh, agus b'fhéidir, (cá bhfios?) é a roinnt le corr-chomh-dhíograiseoir eile - más ann dóibh?

Ní déarfainn gur andúil mhí-shláintiúil í, ach táim cuíosach tógtha le cúrsaí na teangan le blianta beaga anuas. Ní mar sin a bhínn, agus, ar feadh stáir bhíos breá sásta mé féin a áireamh mar "dhuine a bhfuil Gaeilge aige, a labhródh í dá bhfaigheadh sé an deis". Ach dár ndóigh, ní fhaightear an deis i gceantracha neamh-ghaeltachta na tíre seo, agus mar sin is ionann an duine atá "ag fanacht leis an ndeis" agus an té nach labhrann Gaeilge. Agus tar éis tamaill, braitheann an duine sin a chuid Gaeilge ag sleamhnú uaidh. Mar sin - tá rogha an-shimpí aige, i bhfocail an bhéarlóra: "Use it or Lose it!"

Mar sin, tá an Gaeilgeóir imeallach seo ag iarraidh a chuid bheag Ghaelainne a chaomhnú chomh maith agus is féidir. Í a labhairt gach seans a fhaigheann sé chuige - agus í a bhreacadh anseo ar a bhlag beag féin. Téamaí an bhlaga seo? Ní phléifear cúrsaí oibre, rialtais, eacnamaíochta ná spóirt - ach ar éigean. Ceol? - b'fhéidir. Gaelainn? - cinnte. N'fheadar fós cé mhéid a theastaíonn uaim a nochtadh. Céim ar chéim, más ea.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home