Saturday, April 23, 2005

Eithigh an Wall Street Journal

Tuairiscítear i mblaganna éagsúla gur fhoilsigh an Wall Street Journal (agus ní an Washington Post mar a dúirt i dtosach - gabh mo leithscéal) eagarfhocal le linn na seachtaine ag rá go gcuirfí daoine amú de bharr na n-athraithe i logainmneacha oifigiúla na Gaeltachta. Faraoir tá síntiús de dhíth chun an píosa a léamh, ach táim buíoch do Bernie Goldbach a chuir an téacs ar fáil ar a bhlag siúd.

Thapaíos an deis chun mo thuairim féin a nochtadh i bhfreagra ar mhír Bhernie.

Lipéid: ,

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Má théann duine ar saoire san Fhrainc nó an Iodáil, ni bhíonn siad ag gearán faoi na comharthaí bóthar - is cuid den taithí eachtrannach é - agus níl anseo ach leithscéalta...

24 April, 2005 13:21  
Arsa Blogger Conn ...

Is measa ná leithscéal é: is éitheach é. An té a scríobh, is amhlaidh gur chum sé bréag-scéal chun droch-cháil a tharrach ar Ghluaiseacht na Gaeilge. Is fuath leis an teanga, agus b'fhearr leis mura gcloisfí ná mura gcífí í.

Cuireann a leithéidí i leith Ghluaiseacht na Gaeilge go bhfuil siad ag cur uasal-aicme Éireannachais chun chinn: aicme eisiach do Ghaeilgeóirí amháin ag brú cearta na mBéarlóirí faoi chois. Is ráiméis chríochnaithe í seo - a mhalairt ghlan atá fíor. Is iad na frith-Ghaeilgeóirí, le barr fuatha agus eagla, atá ag iarraidh sainmhíniú Éireannachais a dhréachtadh atá bunaithe ar an aonteangachas amháin - agus a shéanann aon rian den oidhreacht ghaelach, ná de chearta lucht na Gaeilge. A deir siad: "Bíodh bhúr dteanga bheag agaibh - ach ná labhraígí linn í, ná ós ár gcomhair, mar go bpriocann sí an míshuaimhneas ionainn. Beimíd sásta má fhaigheann an teanga bás libhse."

M'anam ná gheobhaidh!

24 April, 2005 15:59  

Post a Comment

<< Home