Wednesday, May 04, 2005

Géilleadh Slí don mBéarla?

Bhuel - níor thit an spéir. Ná níor las sí ach an oiread!

Chun an fhírinne a rá, bhí cúram eile orm ag an am agus níor thugas ach leath-cluas don chéad eagrán de Géill Slí, clár atá ina chuid lárnach de sheirbhís nua Raidió na Gaeltachta don aos óg. Ba chuma i ndáiríre, mar ní raibh ann ach eagrán speisialta, le ceolchoirm beo ó stiúdío na nDoirí Beaga. Ní féidir an clár nua a mheas ar imeachtaí oíche ar leith den tsaghas san. Níor chuala aon chuid de chlár na h-oíche aréir áfach - ach déanfaidh mé iarracht é a chlos go luath.

Mar sin féin, chuala Maidhc Dainín Ó Sé ag caint an lá dár gcionn ar An Saol ó Dheas. Níor mhíshásta go dtí é! Dár leis go bhfuil an bhearna oscailte anois don mBéarla ar RnaG. Ní thagainn leis an dtuairim sin go h-iomlán. B'fhearr liom féachaint ar Anocht FM mar stáisiún eile ar fad ar shlí - a bhfuil an mhinicíocht chéanna á roinnt acu le RnaG de réir ama. Sílim gurb í sin an chúis go dtugadar ainm ar leith dó. Uair éigin amach anseo, b'fhearr liom Anocht FM a fheiscint ar a mhinicíocht fhéin agus RnaG ag leanúint lena sean-pholasaí, ach mar a deirim, is freastal stuama é seo ar mhianta phobal éisteachta na Gaeilge, mar a léiriodh iad le déanaí i suirbhé de chuid an BCI.

Mar sin féin, is deacair poinnte amháin de chuid Mhaidhc Dainín a shéanadh, 'sé sin, gur deacair a shamhlú go meallfaidh clár nua Áine Hensey aon éisteóir nua go RnaG nach raibh ag éisteacht cheana féin. Ar "Folk & Ballads" is mó a bheidh an clár seo dírithe, is cosúil. Dar le Maidhc Dainín, dá n-éisteodh duine le bailéid i mBéarla, d'éisteódh sé le ceann i nGaelainn chomh maith. Sílim go n-aontóinn leis - ach mar sin féin, táim ag súil le clár Áine a chlos. Tuigim gur cás ar leith í cás na Gaeilge maidir le bagairt an Bhéarla agus go bhfuil cúiseanna maithe i bhfábhar sean-pholasaí RnaG. Ach ní dóigh liom gur maith an rud é i bprionsabal bac teangan a chur i bhfeidhm ar an gceol a chastar. Tá suim agam a fheiscint cén sórt cláir a churfidh Áine le chéile nuair atá rogha níos leithne ceoil aici.

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home