Wednesday, May 18, 2005

Inniu an Chéadaoin, an t-ochtú lá déag de mhí Bealtaine ...

De réir tuairiscí, níl Star Wars III chomh h-olc agus a deir cuid des na léirmheastóirí. (Bhaineas an-shásamh as an gceann seo: 40 cúis chun Star Wars a sheachaint.) Ní raghainn chuige anois, os rud é nach bhfuil Mír II feiscthe agam - ach b'fhéidir go dtabharfad faoin ndá cheann uair éigin ar DVD. Uair éigin a bhíonn an t-am agam.

Sin rud nach bhfuil agam faoi láthair. Tá cúrsaí teaghlaigh ag brú go trom orm - agus beidh go ceann tamaill. Caithfidh mé gearradh siar ar rudaí "imeallacha", agus díriú ar bhun-chlocha an tsaoil: bás, beatha agus breith. Nach ait sin? Is gnáthaí na focail sin a lua in a mhalairt oird. Ach sa chás seo, is é an bás an gad is giorra dúinn. Ar shlí, níl léiriú fíor ar an dá fhocal eile ach le h-ais an bháis. Timthriall nádúrtha is ea é, agus ligtear an lóchrann ó ghlúin go glúin.

Ní mór an sólás atá sa mhéid sin - ach sin é an saol mar atá. Aithníonn leanaí óga, fiú an méid sin. Ach má tá an t-aitheantas againn, níl an tuiscint - nó ní fuirist an tuiscint a léiriú i bhfocail.

Deinimíd iarracht dearmad a dhéanamh ar an mbás. Ach níor éirigh le h-aon duine riamh é a sheachaint. Geallann Íosa Críost gur féidir an bás a shárú ach fós caithfear é a fhulaingt i dtosach, mar a dhein Sé féin.

Beidh an bhlagáil éadrom ar an suíomh seo go gceann tamaill. Má léann tú an blag seo, gabh mo leithscéal as an sos - ach tá deis agatsa anois. Ag barr an leathanaigh seo, ar chlé, cífidh tú logo beag agus "Blogger" scríte air. Cliceáil air san agus beidh tú in ann do bhlag féin a chruthú. Ní thógfaidh sé 5 nóimeat ort - ní gá aon eolas teicniúil - agus ní gá duit aon eolas pearsanta a nochtadh, ach oiread liom féin. Ach bíodh sé i nGaeilge agat. Fiú más smaointeóir nó scríobhnóir ar leith tú, ní bheidh ionat ach braon báistí i dtuilleadh mór na mblaganna Béarla. Tá meas mór agam ar na blaganna Béarla - agus deinim tagairt orthu go minic anseo - ach caithfear blagchruinne Gaeilge a chothú lena h-ais. Tá breis agus 400 blag Éireannach i mBéarla bailithe ar Planet of the Blogs agus is mór an cur agus cúiteamh atá á spreagadh i measc phobal atá chomh líonmhar agus chomh h-éagsúil is atá sé sin. Tá an éagsúlacht chéanna i mblagchruinne bheag na Gaeilge - ach níl an líon againn. Mar sin, tabhair buile ar son na cothromaíochta! Tabhair faoi!

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home