Monday, May 09, 2005

Oll-mhargadh na Lag-mheasarthachta Angla-mheiriceánaí

"oll-mhargadh na lag-mheasarthachta angla-mheiriceánaí" Nach an-ghleoite an abairtín í? Tá "the mass-market for anglo-american mediocrity" maith a dhóthain, ach, chun blaiseadh ceart na tarcaisne a fháil, níl sárú ar an nGaelainn!

Is le Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Foinse, an fhoclaíocht iontach seo, agus is in eagrán na seachtaine seo den nuachtán sin a bhain sé úsáid aisti, in alt ag plé Anocht FM agus ag déanamh léirmheasa ar laethanta tosaigh na seirbhíse nua ar RnaG.

Ach ní h-amhlaidh go bhfuil rogha ceoil Rónáin Mhac Aodha Bhuí á cháineadh aige - ach a mhalairt. Dar leis, tá an ceol atá á chasadh "ró-mhaith" chun freastal ar "oll-mhargadh na lag-mheasarthachta angla-mheiriceánaí".
Tá Peigín Leitir Mór ag géilleadh slí do na Pixies ar RnG agus meallfaidh sin tuilleadh éisteóirí, ach ní mheallfar na sluaite nó go ngéilleann sí slí do Britney Spears ar sheirbhís eile.
Go deimhin, chuala tuairim an-chosúil leis seo á léamh amach ag Rónán an oíche cheana, tuairim a bhí fachta aige i dteachtaireacht téacs ó éisteoir sa Ghaillimh.

Mar a bhfuil déanta anseo, deineann an Gairbhíoch tagairt don tuairimíocht i dtaobh na "seirbhíse eile" a dhéanfadh freastal cuimsitheach ar an aos óg. Im' thuairmse, is féidir oiread tránna a fhreastal agus a bhfuil de bhandaí craolta ar fáil sa tír seo, agus má tá rogha leathan éisteachta ag Béarlóirí na tíre seo, cad 'na thaobh go mbeadh ar phobal na Gaeilge a bheith ag bruíon eatarthu féin faoi liricí Béarla ar an t-aon mhinicíocht shuarach atá againn? Tugtar stáisiún ceoil Gaeilge don aos óg - agus bíodh RnaG ag na "caipíní"!

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home