Saturday, July 02, 2005

Cad is fiú an Bhlagadóireacht?

Tá ceard na blagála óg go fóill, agus tá fios na slí á cuardach ag lucht a h-imeartha. D'éirigh Richard Delevan as ar feadh tamaill le déanaí, agus tá an tuairim aige anois go bhfuil cuid mhaith den áibhéal agus den mór-is-fiú ag baint le ráitisí ar thabhacht na blagadóireachta. Ach go h-áirithe, tá sé amhrasach ar an gcúis gur tuaradh, bunaithe ar mheasúnú a deineadh ar bhlaganna na hÍaráine, go mbeadh toradh liobrálach ar thoghchán uachtarántachta na tíre sin - rud nár thit amach. Is fíor a rá nach féidir blagadóirí a áireamh mar ionadaithe ar an bpobal i gcoitinne. Ní sheasann blagadóirí mar ionadaithe ach ar bhlagadóirí amháin: dream atá meán-aicmeach agus oilte, le dúil thar an ngnáth sa teicneolaíocht!

Ach má ghlactar leis sin - agus má tuigtear go bhfuil teorainn le h-ionadaíocht na mblagadóirí, is fiú, mar sin féin, an bhlagadóireacht mar atá sí a mheas mar naíonra do shliocht úr na meán cumarsáide. Cheana féin, i réimsí cúnga áirithe, tá an bhlagadóireacht níos údarásaí ná na meáin traidisúnta, mar atá Chris Anderson ag maíomh sa phíosa seo.

Dála an scéil, tá poinntí maithe ag Anderson san alt céanna maidir leis an bpodchraoladh. Ní foláir a thuilleadh forbartha chun gur féidir podchraoltaí a chuardach, agus tagairtí a dhéanamh do ghiotaí beaga istigh ina lár. Tá léiriú maith anseo ar mhódh chun é sin a dhéanamh. Beidh a thuilleadh agam ar an ábhar seo amach anseo, agus ar chúrsaí podchraolta go ginearálta.

Lipéid: , , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home