An tImeall #39 : Níl puinn ullmhúcháin déanta agam
- An tImeall "Remix". Athmheascaithe ag Séamas Poncán! :-)
- Ciocu is fearr libh: cláracha gearra laethúla, nó clár fada seachtainiúil?
- Bíodh deireadh seachtaine deas agaibh!
PODCHRAOLADH ÓN IMEALL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.
PODCASTING FROM THE MARGIN. AN AUDIO BLOG IN THE IRISH LANGUAGE.
Conn a scríobh ag 1:38 PM
www.flickr.com |
3 Freagraí:
Tá áthas orm gur thaitin leat an píosa ceoil sin! Níl ann ach do ghuth féin, tá a fhios agat.
Cad a tharla don chaighdeán fuaime an uair seo?
Is fearr liomsa ceann nua a bheith anseo gach lá, ach nílim ag úsáid rss.
An caighdeán fuaime? Oops - tá an ceart agat! OK - an iomarca útamála leis na fuaimeanna in úirlisí éagsúla! Seo mar ar tharla sé: Castblaster (Comhdhlúthú agus MP3ú) -> Audacity (Cur in eagar agus MP3ú arís) -> Castblaster arís (Comhdhlúthú agus MP3ú) agus ansin é a fhoilsiú gan éisteacht cheart a thabhairt dó!!!
Ni h-aon chabhair é go rabhas sa charr "ar imeall an bhóthair" - ach tá ceacht foghlamtha agam anseo: deineann ionchódú MP3 maolú ar an gcaighdeán. Ní cóir MP3 a dhéanamh ach leis an dréacht deiridh.
Tá an dréacht leath-dhéanach agam go fóill. (MP3ú x2) Níl sé ar fheabhas - ach ar a laghad tá sé níos fearr ná an ceann atá foilsithe anseo agam! Curifidh mé an leagan sin ar fáil níos déanaí agus go raibh maith agat as mé a chur ar an eolas!
>>Ciocu is fearr libh: cláracha
>>gearra laethúla, nó clár
>>fada seachtainiúil?
Cláracha gearra; tá cónasc diailithe agam. ;-)
Post a Comment
<< Home