Friday, December 16, 2005

#62: Ag Freastal Ar Dhá Threo

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAn tseachtain seo chaite, dheineas tagairt don tsraith nua seirbhísí idirlín: "Gréasán a Dó" mar a bhfuiltear ag glaoch air. Ach cad iad na seirbhísí seo go díreach, agus cad é an t-idirdhealú a deintear idir iad agus an sean-idirlíon?

Dar le daoine áirithe is féidir a rá go seasann an "Dó" do "Dé-threóch". Sa chéad-ruathar den ngréasán domhanda, leanadh leis an sean-shamhail atá i bhfeidhm i gcúrsaí ollchumarsáide ó aimsir Ghutenberg i leith. 'Sé sin: go bhfuil líon beag "táirgitheoirí" i mbun foilsitheoireachta, agus slua mór "tomhaltóirí" ag fanacht ar thorthaí a gcuid oibre.

Ach nár chuir Gréasán 1.0 ar chumas gach aon duine a leathanaigh féin a fhoilsiú ar an idirlíon? Chuir, dóibh siúd a bhí sásta dul i ngleic le HTML, an "Hypertext Markup Language" lenar féidir leathanaigh ghréasán a leagan amach agus a nascadh lena chéile. Tá dul chun cinn mór deánta ó shin agus tá úirlisí blagadóireachta na linne seo ina gcórais bhainistíochta don bhfoilsitheoireacht gréasán. Ná níl aon cháilíochtaí téicniúla sa bhreis ar an gclóscríobh ag teastáil chun do chuid leathanaigh a athshonrú.

Samhlaigh pobal, mar shampla cumann, atá ag iarraidh suíomh idirlín a chruthú ag cur síos ar ábhar éigin ar suim le baill an phobail é. Sa tsean-aimsir bheadh orthu daoine a cheapadh chun an tionscnamh a chur i gcrích agus a reachtáil ó lá go lá. Bheadh beirt nó triúir sa ghrúpa seo b'fhéidir, iad oilte go maith i gcúrsaí ríomhaireachta, agus iad ina gcoiste beag eagarthóireachta ag coimeád smacht ar an bpróiséas. Fós táimíd ag cloí anseo le sean-shamhail na foilsitheoireachta. Aon bhall den bpobal ar mian leo rud éigin a chur leis an suíomh idirlín, ní mór dóibh é a chur fé bhráid na n-eagarthóirí. Ní amháin sin, ach tá mórchúram eagarthóireachta agus riaracháin anois ar na h-eagarthóirí céanna. Ní nach ionadh gur minic a bhíonn deacrachtaí le tionscnaimh deonacha den tsaghas seo. I gcás tionscnaimh thráchtála de ghnáth, réitítear an fhadhb le daoine a fhostú ina máistrí gréasán. Ach b'fhéidir go bhfuil réiteach eile ar an bhfadhb.

Eolaí is ea John Breslin atá i mbun taighde ár chúrsaí idirlín in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá suíomh seolta aige a bhfuil sé de chuspóir aige béaloideas agus eolas áitiúil a bhailiú ó phobail agus ó cheantair uile na tíre. An mó bailitheoir béaloidis agus saor HTML atá fostaithe aige chun an gaisce seo a chur i gcrích? Níl aon duine! An cuimhin libh an Wikipedia go rabhas ag trácht air an tseachtain seo chaite? Wiki is ea an suíomh nua seo chomh maith: Wiki Ireland, agus tá cead agus cuireadh tugtha ag John do aon duine ar mian leo leathanaigh an tsuímh a leasú agus cur leis an stór eolais atá dá thógáil ann.

Beart fadradharcach, nuálach, shílfeá? Bheadh an ceart agat. Ní nach ionadh gur thug Cumann Idirlín na hÉireann duais "Aisling an Idirlín" do John i mí na Samhna, ar mhaithe leis seo agus le obair eile atá déanta aige.

Tá iliomad samplaí eile den cur chuige seo atá ag cothú an nua-ghréasáin, agus beidh mé ag caint orthu arís sa cholún seo. Maidir le blaganna na h-Éireann an tseachtain seo, tá roinnt mhaith tráchtaireachta ar óráid ghlactha Nobel Harold Pinter ina gcáineann sé polasaithe eachtrannacha na Stáit Aontaithe, agus tá díospóireacht teasaí ar an bhfeimineachas ar bhlag na h-irise idirlín Sigla Magazine. Ag trácht ar an mblag sin dom, tá sé fógartha ag a údar, Sinéad, gur mhaith léi tabhairt faoi ath-shealbhú a cuid Gaeilge. Agus mar bheart tosaigh, tá sí chun na blaganna Gaeilge a léamh. An-smaoineamh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home