Friday, December 23, 2005

#63: Míshuaimhneas Forleathan

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAnois teacht na Nollag, agus arís tá blagadóirí na cruinne ag cúlú beagáinín óna ngníomhartha idirlín, agus ag díriú ar chúramaí speisialta an tseásúir naofa ina mbailte féin. Is cuma mór nó beag an cáil ar bhlag: tá tionchar na Nollag le sonrú, a bheag nó a mhór, orthu go léir, agus roinnt mhaith acu ag fógairt sosanna beaga foilsithe don tréimhse seo.

Go deimhin, bheadh an sos tosnaithe níos luaithe, murach imeachtaí dochreidte na coicíse seo a d'imigh tharainn. Tá roinnt mhaith tráchtaireachta ar scéal spiadóireacht Denis Donaldson i gceann-áras blagadóireachta pholaitíocht an Tuaiscirt, Slugger O'Toole, ach ar shlí, níl an scéal chomh mór i measc blagadóirí i gcoitinne agus a cheapfá go mbeadh. Seans, b'fhéidir, go bhfuil bunús an bhlagchruinne ar aon intinn le tuairimí Anthony McIntyre ón Irish News: gurb ionann cuspóirí Shinn Féin agus cuspóirí Rialtas na Breataine maidir le athaontú na tíre. Tagann údar an bhlag Ireland Free leis an ndearcadh áirithe sin, ach tapaíonn 'El Matador' ar El Blogador an deis chun insíothlú na Breataine ar cheannaireacht Shinn Féin a áireamh i measc seacht gcúis gur chóir do Náisiúntóirí filleadh ar an SDLP.

Is mó an suim atá cothaithe i measc blagadóirí an Deiscirt ach go h-áirithe, i ngeaitsí an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell. Tá éagsúlacht mhór dearcadh polaitíochta i measc na blagadóirí a dhein trácht ar an scéal áirithe seo - ach tá míshuaimhneas forleathan ann faoin tslí inar dhein sé cás Frank Connolly a phlé fé scáth phribhléid Dála. Táthar buartha chomh maith faoin dochar atá déanta don Centre for Public Inquiry, eagraíocht a d'fhéadfadh a bheith ina ghadhar faire ar ghníomhartha rialtais. Tá plé doimhin cúramach déanta ar an scéal ag an seanfhondúir blagadóireachta Éireannach Gavin Sheridan agus é ag cur tús le colún seachtainiúil ar a bhlag ag plé le cúrsaí reatha.

Ceapann roinnt mhaith blagadóirí go bhfuil an scéal seo sa réimse GUBU - ach b'fhéidir nach bhfuil sé "unprecedented"? Tá réamhshamplaí do iompar McDowell aimsithe sa stair chlasaiceach i gcoincheap an "rí fealsúnaí" a bhí ag Plato. Tacaíonn an t-iriseoir Richard Delevan le h-iompar an Aire agus deineann sé tagairt do ghníomhartha Cicero a thug slán poblacht na Róimhe trí scór bliain roimh Chríost. Ag scríobh sa Sunday Tribune a bhí sé agus ní ina bhlag, ach dhein an Freedom Institute ath-thuairisciú air.

Dála an scéil - ainneoin ainm ghalánta Institíuid sin na Saoirse - ní eagraíocht eile iad le maoiniú ó Chuck Feeney, ach blag atá scríofa ag grúpa mac léinn a bhfuil polaitíocht an eite dheis acu. Sin an bua mór atá ag an idirlíon. Má tá dearcadh agat, rud éigin le rá, nó ábhar buartha i leith cheist phoiblí ar bith, ní gá duit a bheith id' institiúid, ná fiú id' iriseoir chun labhairt amach. Bíodh sin mar atá, tá costas pearsanta ag baint le obair dheonach den tsaghas seo. An tseachtain seo chaite foilsíodh an mhír dheireannach ar bhlag a bhfuil sár-obair déanta aige ag tuairisciú ar imeachtaí coiriúlachta chathair Luimní. D'fhógair údar an bhlag Alive In Limerick nach bhféadfadh sé leanúint air toisc go raibh sé ag fágaint na cathrach. Is mór an chailliúint é i measc blagadóirí na h-Éireann.

Cailltear blaganna agus saolaítear blaganna. Tá fáilte mhór curtha roimh bhlag nua a seoladh an tseachtain seo chaite. 15 bliain tar éis dó an Gréasán Domhanda a chruthú ar bhonnsraith an idirlín mar a bhí, tá "Athair an Ghreásáin" Tim Berners-Lee ag blagadóireacht. Fáilte romhat Tim - agus Nollaig Shona Dhaoibh a bhlagadóirí go léir! Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

1 Freagraí:

Arsa Blogger Conn ...

Gabh mo leithscéal. Mura bhfuil taithí agat ar chúrsaí reatha in Éirinn ní dócha go mbeidh an téarma GUBU cloiste agat. Tá an scéal faoin chéad uair ar dúradh an focal sin le léamh ar Wikipedia. Úsáidtear an focal go minic sa tír seo, aon uair a tharlaíonn rud éigin atá "grotesque, unbelievable, bizarre and unprecedented", agus, tar éis 20 bliain, tá sé chomh coitianta sin gur ar eígin a chuimhnítear ar an eachtra ónar eascair sé ar dtús. Is iomaí eachtra GUBU ó shin!

23 December, 2005 15:58  

Post a Comment

<< Home