#71: An Podchraoladh agus RnaG
- Agallamh taifeadta le Eoin Ó Conchúir ó IrishGaelicTranslator.Com. Craolfar an tseachtain seo chugainn é.
- Mo thuairimí ar an bPodchraoladh & Raidió na Gaeltachta. Go raibh maith ag Aonghus as a thráchtaireacht ar an ábhar.
- Mo phatrún éisteachta raidio athraithe. Bliain ó shin ní éistínn ach le Raidió na Gaeltachta. Anois ní h-éistím ach le podchraoltaí.
- Tá earnáil phodchraolta anois againn:
- A lucht raidió - tá lucht éisteachta agaibhse - ach tá síntúsóirí ag na podchraoltóirí.
- Gabh anseo le haghaidh treoracha chun socraithe iTunes a athrú chun go bhfaighidh tú gach eagrán den Imeall sa chás go bhfuil níos mó ná eagrán nua amháin ar fáil.
- Treoraíonn Aonghus sinn go dtí pictiúirí den gcló Gaelach dá gcur ar fáil ag Vincent Morley. N'fheadar an bhféadfaimís logo deas a dhéanamh do Leárscáil na Gaeilge leis an bhfocal "Gaeilge" sa tseanchló?
- Teachtaireacht ghutha ó éisteoir in San Francisco!
- Ceol Podslán: A Night at Sir Henry's le Steffen Coonan
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
3 Freagraí:
Is fíor duit faoi Raidió na Gaeltachta. Ón uair a d'aistrigh siad a gcóras ar an idirlíon, agus nach mbíonn comhaid ar fáil, ní féidir liom éisteacht leo ar chor ar bith, mar ní oibríonn an córas nua atá acu tríd an firewall ag m'oifig, agus ní bhíonn deis agam éisteacht leo sa bhaile. Tá súil agam go n-éisteoidh siad leat!
Sin í an fhadhb díreach atá agamsa! Táimse in Éirinn, agus d'fhéadfainn éisteacht leo ar an raidió, ach ní féidir liom éisteacht leo ag an obair, agus táim bodhar aiges na leanaí ag baile! :-)
Tá tréimhsí cúnga agam, i gcaitheamh an lae, ina mbíonn deis agam éisteacht le cláracha raidió. Roimh ré an phodchraolta, d'éistínn le pé rud a bhí ar fáil ar Raidió na Gaeltachta ag an am áirithe sin. Anois: éistím le mo rogha podchraoladh!
Tá an ceart agat. Ta an rud ceanna tarlaithe dom fhéin le bliain go leith anuas. Éistim le podcasts agus le leabhar o audible.com ar mo ipod. Is ar éigin go n-éistim le radio “beo” in aon chorr anois. Is léir go dtuigeann an BBC go bhfuil rudaí ag athrú ( plug beag do IN OUR TIME le Melvin Bragg!) , ach faraor nil RTE ag déanadh mórán – well ag déanadh tada dáiríre. Teistíonn cúpla nerd go gear o RnaG!
Post a Comment
<< Home