Friday, January 06, 2006

Bagairt Slándála Windows

Athshonrú: Agus an t-alt seo seolta chun cló, d'fhógair Microsoft go raibh an paiste oifigiúil le foilsiú niós luaithe mar a bhí geallta ar dtús. Tá sé ar fáil anois anseo.

(Téacs alt na seachtaine seo sa nuachtán . Déanfar podchraoladh air amárach.)

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáTá do ríomhaire i mbaol - 'sé sin le rá más é Microsoft Windows an coras oibrithe atá i bhfeidhm air. D'fhógair an mórchomhlacht bogearraí an tseachtain seo chaite go raibh éasc aimsithe i Windows a chuirfeadh ar chumas víreas agus ríomhchláracha mailíseacha eile mí-úsáid a bhaint as ríomhairí. Is cosúil go bhfuil an locht ar an gcóras Windows Meta File (WMF) i Windows, a bhaintear úsáid as chun pictiúir a léiriú.

Ní víreas ar leith atá i gceist anseo - ach leochaileacht sa chóras oibrithe ar féidir le víris úsáid a bhaint aisti chun smacht a fháil ar do ríomhaire. Agus iompraítear na víris seo i gcomhaid a shamhlófá a bheith neamh-urchóideach de ghnáth, 'siad sin: pictiúir.

Go h-iondúil, is pictiúir sa bhformad WMF atá i gceist, agus de ghnáth bíonn an síneadh WMF ag comhaid den tsaghas seo (mar shampla, PICTIUR.WMF). Ach tá rabhadh tugtha go bhféadfaí na comhaid WMF seo a chur i mbréagriocht le síntí formad grafaiciúil eile: BMP, GIF, JPG agus PNG san áireamh. Níl sé deacair comhad fabhtach a aistríu go dtí do ríomhaire, iniata le ríomhphost, nó fiú léirithe ar leathanach gréasáin, agus má léirítear an comhad leis na coinníollacha cuí, imreoidh sé a dhrochchleasanna ar do ríomhaire.

Ach má tá an laige seo ar eolas, faraoir níl leigheas oifigiúil air go fóill. Tá Microsoft ag obair ar phaiste a réiteoidh an fhadhb, ach ní bheidh sé ullamh go dtí an 10ú Eanáir. Tá cosaint áirithe agat má tá bog-earra frith-víreas i bhfeidhm agat agus é athshonraithe leis na saintréithe víreas is déanaí. Ach i ndáiríre níl cosaint ansin ach in aghaidh na víreas a bhí ar eolas ag an am gur foilsíodh an t-athshonrú. Agus an scéal ag scaipeadh, tá víris nua ag éirí atá bunaithe ar an éasc seo, agus tá lucht na gcomhlacht frith-víreas ar a ndícheall ag iarraidh coimeád suas leo.

Ní mór do Microsoft a bheith cúramach le forbairt agus le tástáil an phaiste - níorbh aon mhaith dóibh é dá ndéanfaidís scéal níos measa. Ach mar sin féin is fada an t-achar é coícíos i bpriacal. Tá moltaí agus modhanna seachanta foilsithe acu idir an dá linn, agus tá eolas maith ar fáil ó foinsí blagadóireachta an chomhlachta. Tá meas go forleathan ar phríomh-bhlagadóir Microsoft, "soiscéalaí teicniúil" an chomhlachta Robert Scoble, agus tá obair mhór déanta aige ag cothú agallaimh idir an ollchomhlacht agus a chuid custamaeirí maidir leis an eachtra seo, agus eachtraí eile nach é. Treoraíonn Robert a chuid léitheoirí go dtí blag oifigiúil na fóirne slándála, mar aon le blag pearsanta Jesper Johansson, mar a bhfuil an t-eolas is údarásaí agus is déanaí ar fáil.

Ach, más fada leat an paiste oifigíuil, tá réiteach neamh-oifigíuil ar fáil chomh maith. Scríobh an saineolaí ríomhaireachta Ilfak Guilfanov paiste neamh-oifigiúil agus d'fhógair sé é a bheith le h-íoslódáil óna bhlag. Má dhein, ní raibh coinne aige leis an dtóir a bheadh air! Chlis ar ríomhaire freastail Ilfak agus é ag iarraidh freastal ar an éileamh, ach tá sé ar fáil arís anois.

Cad é an tslí is tapúla agus is simplí chun do ríomhaire a chosaint a fhaid is atá tú ag fanacht leis an réiteach oifigiúil? Ta athchoimriú deas gonta i gcúpla líne ar fáil ar bhlag pearsanta an innealtóra Tiernan O'Toole i mBaile Átha Cliath. Fág faoi Bhleá-cliathach é, dul go croí-lár na ceiste! Coinnígí slán amuigh ansin!

Lipéid: , ,

1 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Gabh mo leathscéal ach mar gaeilgeoir caithfidh me an focail míbhéasach sin "Linux" a usaid anseo. Cinnte go bhfuil faidbheanna ag baint le Linux chomh maith ach ar a laighead ta se ar fail trí ghaeilge agus ní bhíonn eagla ort faoí virusí an tam ar fad!

09 January, 2006 00:00  

Post a Comment

<< Home