Wednesday, February 01, 2006

#76: Anois Teacht an Earraigh

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cill Aodáin
    le Antaine Ó Reachtaire (1784-1835)

    Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
    Is tar eis na féil Bríde ardóidh mé mo sheol.
    Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh me choíche
    Go seasfaidh mé thíos i lár Chondae Mhaigh Eo.
    I gClár Clainne Mhuiris a bhéas mé an chéad oíche,
    Is i mBalla taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
    Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
    I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth' Mhóir.

    Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
    Mar éiríos an ghaoth nó mar 'scaipeas an ceo
    Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
    Ar Sceathach a'Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.
    Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
    Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
    Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
    D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

    Margrieten
    Originally uploaded by Garrulus.

  • Ceol Podslán: Summer Time Rhodes le Steffen Coonan
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Blogger Cionaodh ...

Rogha mhaith, a Choinn!

Tá a lán sneachta ar an dtalamh anso i Sasana Nua, agus tá sé aaaaaan-fhuar. Tá súil agam go mbeidh an Earrach ann go luath.

Conas a deirtear "brrrr" i nGaoluinn?
;-)

01 February, 2006 14:27  
Arsa Blogger Conn ...

Ta Lus an Chromchinn ag borradh anseo! Tá sé fuar fós - ach déarfainn nach bhfuil sé chomh fuar againn agus atá agaibhse!

Cuireann sé ionadh orm i gcónaí a thapúla agus a thagann comharthaí beaga an ath-fháis tar éis na Nollag.

Beannachtaí na Féile Bríde chugaibh!

01 February, 2006 14:33  

Post a Comment

<< Home