#74: "Lá Leictreónach" - Ar Fud An Domhain!
- Inniu tá leagan leictreónach de nuachtán laethúil na Gaeilge, Lá, seolta. Seo leagan dúinne - do phobal Gaeilge an idirlín. Tacaímís leis an iarracht seo. Léimís Lá sa leagan PDF. Cuirimís ár dtuairimí in iúil do bhainistíocht an nuachtáin. Fúinne atá sé cur leis na h-iarrachtaí chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dúinn.
- Cuirfear agallamh ar eagarthóir Lá anseo ar an Imeall i gceann cúpla seachtainí. Má tá ceisteanna agaibh dó, cuirigí in iúil dom iad, i dráchtaireachtaí ar an mblag, nó in ríomhphost go dtí imeall@gmail.com, nó i dteachtaireacaht ghutha Skype go dtí imeallach.
- Aoí speisialta na seachtaine seo: Eoin Ó Conchúir, riarthóir IrishGaelicTranslator.Com. Craolfar an t-agallamh i ndhá chuid: Dé Máirt agus Déardaoin na seachtaine seo.
- Scéal an chaidrimh idir mise agus Eoin. Aithne ar a chéile le nach mór 15 bliana - ach ní bhuaileamar riamh le chéile go dtí an tseachtain seo chaite!
- Ceol Podslán: Sullivan's John le James Connolly
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
0 Freagraí:
Post a Comment
<< Home