Imeall #99: Eachtraí i mBÁC
- An turas go Baile Átha Cliath.
- Oíche Dé hAoine. Seoladh Making Waves le PodcastingIreland.ie
- Promo: Making Waves
- Thugas cuairt ar stiúidió Raidió na Life i gCearnóg Mhuirfean. Beannachtaí do Mhaebh Ní Fhallúin, do Dhónal Ó Donnabháin, do Dhonncha Ó Cróinín agus do gach éinne a bhí ann.
- Tharla go raibh cruinniú ag Fine Gael ar "Thodhchaí na Gaeilge" maidin Dé Sathairn, sa tseomra céanna, san óstán céanna agus a bhí na blagadóirí sa trathnóna!
- Comhrá leis an dTeachta Dála Dinny McGinley agus le Nollaig Ó Gadhra, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
- Bhí seisiúin phodchraolta teicniúla eagraithe ag Bernie Goldbach don tráthnóna. Tá an chéad chlár a dheineamar foilsithe ag Bernie, agus beidh an chuid eile le clos go luath ar podcasting.ie.
- Gradam na mBlag. Bronnadh an gradam don mblag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge ar An tImeall. Gabhaim buíochas as an nduais, leis an urraí SSI-developer (Maca - is trua ná raibh tú ábalta a bheith i láthair - an chéad uair eile le cúnamh Dé!) agus le gach éinne a vótáil ar mo shon. Go raibh maith agaibh as na teachtaireachtaí comhgháirdeachais!
- Bígí páirteach in Imeall #100 Déardaoin. Seo an seans deireannach:
- FÓN (Meiriceá): (201) 984-3419 (voicemail)
- FÓN (Éire): 087 57408056 (voicemail)
- Skype: imeallach
- Nó dein an taifeadadh tú féin agus seol chugam an comhad go dtí imeall@gmail.com.
- Spriocdháta 15ú Márta.
- Bhí áthas orm bualadh le: Damien Mulley, Rick O'Shea, Bernie Goldbach, Brian Greene, James Corbett, Dermod Moore, Michele Neylon, Tom Raftery, Gareth Stack & Francis McGillycuddy, Steve McCormack & Jessie Ward, That Girl, John Breslin, John Handelaar, Jon Ihle. Chonac, ach ní raibh deis agam labhairt le, Jett Loe agus Wayne, Sinéad Gleeson, Markham Nolan agus cuid mhaith eile.
- Ceol Podslán: Crazy le Whitney Steele.
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers
6 Freagraí:
Nach raibh sé go breá agat sa chathair mhór! Treise leat, a chara.
Comhgháirdeachas! a Choinn, as an duais a bhaint amach.
Dár liom, Is é tusa agus do phodchraoltaí an rud is tabhachtaí a thárla don teanga le fada an lá.
Tá seans maith go spreagfaidh do shaothar suim forleathan in athbheochan na teangan.
Beir bua 's beannacht!
Proinsias
Ridire Bán (Clasaiceach!)
Go raibh maith agaibh a cháirde.
go maire tú a chara!! Delighted to see you got the award, well deserved Conn!
p.s. once again, thanks for the links :)
Fáilte ar ais Maca - how was China?
I'll put it this way .. mark it off your list of holiday destinations! :)
Post a Comment
<< Home