Imeall #117: Turas Traenach
- Sliocht as Letter to America #30
- Ag taisteal inniu. Ar an dtraein go Baile Átha Cliath.
- Promo: Buckeye Drivetime Podcast
- Promo: Ed's Mixed Bag
- Tráchtaireacht fhuaime: Séamas Ó Neachtain.
- Ceol Podslán: The Special Two le Lucy Evans
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
6 Freagraí:
An bhfuil grianghraif den traein agat? Is breá liom traenacha.
Má tá suim ag éinne i dturas traenach ar Inis Fada, tá scannáinín agam de anseo:
http://philo-celtic-feesh.blogspot.com/2006/03/iarnrd-inse-fada-agus-ghaeilge.html
Níl aon cheann fós agam. Táim ar an mbóthar abhaile anois. Má fhaighim an seans tógfaidh mé pictiúir nó dhó nuair a bheidh mé ag aistriú go traein eile in Ascail Luimní.
An raibh daoine ag stánadh ort,agus tú ag labhairt leis do ríomhaire.
Baineann mé an sult as do phodchraoladh, dála an scéil. agus cabhraíonn sé go mór leis mo chuid Gaeilge.
Maidir leis an podchraoladh 115, Fuair mé D i gnáthleibhéal Gaeilge san Ardteist 6 bliana ó shin, ba cheart go mbeadh an t-Imeall sa churaclam i mo thuairim, cuireann sé feabhas uirthi (mo chuid Gaeilge) beagnach gach lá
Gary
Gary, a chara, fuair tú "D sa ghnáthleibhéal"?! An bhfuil tú ag magadh fúm, nó an bhfuil an córas oideachais níos measa ná mar a cheapas?
Seo dhuit: bíodh "A san imeall-leibhéal" agat don nGaeilge bhreá atá agat!
lol, níl mé ag magadh ar chor ar bith a chonn
Tá sí i bhfad níos fearr anois mar thosaigh mé ag foghlaim arís bliain go leith ó shín, agus fuair mé amach nach raibh sí chomh deacair agus a cheap mé.
Bhí meas mór agam uirthi i gcónaí d'ainneoin na ndeacrachtaí uile a bhí agam léi nuair a bhí mé i mo ghasúr
Fair play duit a Gary!
Post a Comment
<< Home