Friday, April 21, 2006

Imeall #120: Mamaíbhlagadóireacht

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAgus colún na seachtaine seo á scríobh agam, táim i bhfeighil na leanaí. Tá an leanbh óg ina shuí i lár an úrláir ag iarraidh eilifint a bhrú isteach i gcaráiste traenach – obair mhór – agus mise suite ag bord na cistine ag iarraidh an litir seo a scríobh. Cuimhním ar Dooce.

Nuair a thosnaíos ag léamh na mblaganna, níorbh fhada gur tháinig mé ar Dooce (ar dtús?). Ní h-aon iontas an méid sin. Áiríonn an suíomh cuardach blag Technorati dooce.com ag uimhir a 19 as 36 milliún suíomhanna éagsúla, de réir líon na nascanna (9,332) ó suíomhanna eile go Dooce.

Leasainm is ea Dooce atá ag Heather Armstrong ó Salt Lake City, Utah. Ní fheadar cén bunús atá leis, ach is cuid de bhéarlagair an idirlín anois é, ó chaill sí a post mar thoradh ar a raibh scríte aici ina blag. Anois tá “dooced” ina bhriathar, mar shampla: “Dúsáladh Peadar inné – bhí sé ag magadh faoin saoiste ina bhlag.”

Tá Dooce ag blagadóireacht léi i gcónaí, ach ní h-iad eachtraí na h-oifige atá dá spreagadh anois. Is máthair anois í, le h-iníon óg, agus tá an greann agus an léargas céanna á bhaineadh sí as an saol gnó aimsithe anois aici sa Mhamaí-bhlagadóireacht!

Is gné suntasach ar leith é blagadóireacht na dtuismitheoirí. Ní éirímíd riamh tuirseach den gcaint seo, ag plé agus ag ath-phlé, agus ag síor-phlé na n-eachtraí beaga; ag déanamh comparáid ar na céimeanna forbartha, agus ag gearán faoin easpa codlata. Tá an comhrá seo le sonrú ag aon gheata scoile nó in aon seomra feithimh dochtúra. Ní h-aon iontas go bhfuiltear ag leanúint leis ar na cláracha plé agus ar suíomhanna ar nós www.rollercoaster.ie. Agus mar ábhar cainte, tá sé in oiriúint go fíormhaith don mblagadóireacht.

Dar ndóigh tógann an bhlagadóireacht seo am, agus ní bhíonn mórán ama le spáráil ag tuismitheoirí. Ach is féidir an obair a roinnt agus blag grúpa a chur ar bun, mar atá ag bloggingbaby.com.

Tá freastal maith ar bhlagadóireacht na dtuismitheoirí anseo in Éirinn. Is féidir eachtraí máthar aonair an déagóra a léamh ag redmum.blogspot.com, agus tá Sarah Carey ag stracadh leis an ngobán súraic le tamaillín anuas. Ach, ach oiread le tuismitheoir ar bith, ní h-í an tuismitheoireacht an t-aon ghné amháin dá saol. Tugann RedMum léargas ar leith ar shaol Bhaile Átha Cliath lena sraith grianghrafanna – tá an ceamara ina láimh i gcónaí. Agus tá súil ghéar ag Sarah agus í ag trácht ar chúrsaí reatha. Tá aitheantas iriseoireachta faighte ag an mbeirt acu as an mblagadóireacht. Is féidir colún seachtainiúil le RedMum a léamh san Echo i nDeisceart Bhaile Átha Cliath, agus foilsítear tuairimí Sarah Carey gach seachtain sa Sunday Times.

Léiríonn na scéalta seo nach leor ann féin amháin a bheith ag blagadóireacht ar an dtuismitheoireacht. Caithfidh bua na scríobhnóireachta a bheith agat chun scéalta suimiúla a fháil ó eachtraí laethúla. I gcás Heather Armstrong, is é an greann an tréith is suntasaí atá aici – is cuma cén t-ábhar cainte. Níor fhill sí ar an obair oifige. Is blagadóir lán-aimseartha í anois, ag fáil luach saothair óna suíomh di féin agus dá fear céile, a d’éirigh as a phost siúd chun cabhrú leis an dtionscnamh.

Tá blagadóirí na hÉireann ag baint an-spórt as eachtraí an aisteora Tom Cruise na laethanta seo agus tá siad ar lasadh le scéal bhreith a linbh le Katie Holmes. Molann The Community at Large gur chóir do Katie teitheadh agus tá nasc acu le freekatie.net. Agus mheas Rick O’Shea gurb fhiú ceannteideal an Irish Mirror a chaomhnú lena cheamara fóin. Ag trácht ar ráiteas Tom gur theastaigh uaidh placaint Katie a ithe, d’fhógair an nuachtán: Tom Chews!
  • An tImeall ar an raidió! Ag tosnú Dé Luain beidh éisteoirí i gcathair na Gaillimhe in ann an podchraoladh a chlos ar stáisiún raidió na mac léinn Flirt FM 105.6.
  • Comhrá: Beidh mise ar fáil Dé Domhnaigh, le cúnamh Dé.
  • Ceol Podslán: Regression le Green Eyes (Lucy Evans)
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil: Podcasting.ie

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home