Friday, April 14, 2006

An Bhlagadóireacht Ghnó

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá(Seo dhaoibh an téacs atá i gcolún an Bhlagadóra mar atá sé foilsithe inniu sa nuachtán Lá. Is féidir éisteacht leis an alt seo á léamh in Imeall #119 atá foilsithe sa chéad mhír eile ar an mblag seo.)

Thugas cuairt ar Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin, ar cheannáras Chumann na nInnealtóirí mar a raibh seimineár á reachtáil ag Cumann Idirlín na hÉireann ar an mblagadóireacht agus ar an bpodchraoltóireacht i gcúrsaí gnó.

An bhlagadóireacht ghnó, an ea? Ach níl sa bhlagadóireacht ach caitheamh aimsire, nach ea? Bhuel, is caitheamh aimsire í do dhaoine áirithe – ach ní caitheamh aimsire a bhí ar siúl ag an lucht gnó a bhí i láthair ag Bóthar Clyde maidin Dé Ceádaoin.

Mhínigh An tUasal Michele Neylon ó Blacknight Solutions conas ar feidir le comhlacht úsáid a baint as an mblagadóireacht mar áis bholscaireachta agus caidreamh poiblí. Luaigh sé sampla an chomhlacht fíona Stormhoek a méadaíodh ar a ndíolachán faoi dhó taobh istigh de aon bhliain amháin, mar thoradh ar fheachtas blagadóireachta. Agus bhí go leor comhairle phraiticiúil aige ar bhuntáistí agus ar dhainséaraí na blagadóireachta do ghnólachtaí.

Ag cuardach na mblaganna, tá plé an-mhaith ar an ábhar seo i mblagmhír a d’fhoilsigh Tom Raftery le déanaí. Tá doimhin-mhachnamh agus tuairimí maithe sa bhun-alt – ach arís chítear bua na mblaganna sa tslí ina fhorbraíonn an plé i mbreis agus 20 tráchtaireacht a fágadh ar an leathanach sin. Sin é a spreag James Corbett chun tagairt don mhír sin nuair a chonaic sé tráchtaireacht ó Mary Gilmartin ón gcomhlacht Advanced Technology Products i Luimneach. Tá Mary ag blagadóireacht le roinnt míonna anois, cé go bhfuil sí buartha nach bhfuil lámhainní tís a comhlachta chomh tarraingteach sportúil mar ábhar blagála agus atá ríomhairí táibléadacha mar shampla.

Chuir an slua ag seimineár na Céadaoine an-shuim sna cainteanna ar an bpodchraoladh. Thug Brian Greene ó Doop Design míniú ar chúlra agus ar mhodhanna na podchraoltóireachta. Tá Brian agus a chomhlacht sáite sa phodchraoltóireacht. Tá podchraoladh aige ag radio.wxtc.net agus suíomh maith eolais phodchraolta chomh maith ag Podcasting News Ireland. Agus tháinig mé ar scéal ansin a mheabhraigh dom nach áis í an phodchraoltóireacht do ghnólachtaí amhaín: tá podchraoladh ag an Seanadóir Joe O’Toole.

Chríochnaigh an seimineár le caint ó Stephen McCormack, príomhfheidhmeanach Wildwave, comhlacht a chuireann ábhar físe digiteach in oiriúint agus ar fáil do bhealaí nua dáilithe ar nós fóin phóca. Labhair Stephen ar an stráitéis phodchraolta atá ag a chomhlacht, ar a mhodh táirgithe podchraoltaí agus ar chúrsaí urraíochta.

Bhí go leor ceisteanna ó na rannpháirtithe ar chúrsaí dlí agus clú-mhillte. Tá freagraí ar chuid des na ceisteanna sin ar digitalrights.ie, agus tá tagairt ag Damien Mulley an tseachtain seo d’alt maith ar an ábhar ar siliconrepublic.com.

Agus deireadh seachtaine comórtha 1916 buailte linn, tá an ócáid i mbéal na mblagadóirí. Ach níl aon duine a bhfuil oiread scríte aige aige ar an ábhar agus atá ag United Irelander. Is é seo a thalamh dúchais, stair an náisiúin agus an náisiúnachais, agus tá eachtraí, pearsanna, agus comhthéacs comhaimseartha 1916 pléite go mion aige le seachtain nó dhó anuas.

Dream amháin nár mhiste dóibh a bheith eolach ar an stair ná roinn mhargaíochta Ben & Jerry’s. Deineann The Dossing Times iontas don uachtar reoite is déanaí atá seolta acu: “Black & Tan”. Deir Damien Mulley go mbeidh fáilte fuar roimhe i gCorcaigh!

Tá an bhlagadóireacht Ghaeilge ag fás go tréan, agus tá fáilte mhór dá cur roimh roinnt bhlagadóirí Béarla atá tosnaithe ar Ghaeilge a scríobh ar a mblaganna, windsandbreezes.org ina measc.

Agus sinn ag trácht ar 1916, tá an scór iomlán a chum Seán Ó Riada don scánnán Mise Éire eisithe don chéad uair ag Gael Linn inniu. In ónóir na h-ócáide tá 5 chóip le bronnadh agam ar éisteóirí le mo phodchraoladh. Tugaigí cluas le h-eagrán #119 atá foilsithe inniu ag imeall.blogspot.com.

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home