Friday, September 01, 2006

Imeall #165: Maith Dúinn ár bhFiacha

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeBarraíocht Eolais! Sin é mór-fhadhb Ré seo an Eolais. Tá foinsí agus modhanna seachadta an eolais forbartha as cuimse againn, ach fós féin níl ach péire súl, péire cluas agus 24 uair a’ chloig sa ló againn chun an t-eolas a thógaint isteach.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTá sean-taithí ar an bhfadhb seo ag éinne a fhaigheann mórán ríomh-phost. Deich mbliana ó shin, is beag oifig ina raibh ríomh-phost, ach anois tá taithí ag nach mór gach éinne air. Níl aon dabht ach gur modh iontach é chun eolas a roinnt le daoine eile – bídís san oifig chéanna, nó ar an dtaobh eile den domhan.

Ach más saoráideach an áis é, b’fhéidir go bhfuil sé ró-shaoráideach ar uaireanta. Tagann na teachtaireachtaí ina sruth gan staonadh – uaireanta ina dtuile gan trócaire.

“Cad é do mheas … ?” “FYI …” “An tusa a bhíonn ag plé le … ?” “I’m looking for information about my ancestors …”

Nílim fiú amháin ag caint ar spam anseo (ríomhphostanna margaíochta nár iarradh). Ach tá cuid den ríomhphost oibre níos measa fós ná spam. Is féidir spam a chaitheamh sa bhruscar gan chuimhneamh air. Ach le ríomh-phost oibre, caithfidh tú é a oscailt agus a léamh agus cinneadh a thógaint – an mbaineann sé leat?

An toradh atá ar seo: inbhoscaí lána, le teachtaireachtaí neamh-léite – agus coinsias buartha.

Sinne a bhíonn ag soiscéalú ar son na nua-theicneolaíochta, ba nós linn a bheith ag maíomh go raibh sárú cuid des na fadhbanna seo sa bhlagadóireacht, agus sa chomhfhoilsiú RSS ach go h-áirithe. Agus is cinnte gur mór an chabhair í chun na céadta blaganna a léamh más féidir leat suíomh comhbhailithe cosúil le bloglines.com a úsáid chun na foinsí comhfhoilsithe sin a leámh ar aon leathanach amháin – seachas a bheith ag triall ar na suíomhanna éagsúla. Ach is í an fhírinne fós nach bhfuil teorainn ar bith leis na fothaí suimiúla a d’fhéadfainn a léamh, ach tá teorainn, agus teorainn ghéar leis an am, agus leis an aird atá agamsa le caitheamh orthu.

Sinne a ghlac “síntús” le gach blag nó foinse nuachta suimiúil a tháinig faoin ár mbráid, níorbh fhada go raibh ualach scéalta gan léamh againn – cosúil leis an inbhosca ríomhphoist úd – ag iad ag luí go trom orainn!

Is ar an gcúis sin a thugas “maithiúnas ginearálta” dom féin an tseachtain seo chaite. Níl na blagmhíreanna sin léite agam, agus ní léifead go deo iad anois!

Cuireann na h-úirlisí nua seo ar ár gcumas eolas a láimhseáil go sár-mhaith, ach táimíd fós ag foghlaim conas iad a úsáid. Tá saoithe na blagchruinne ag plé na ceiste. Molann Dave Winer coincheap “Abhainn na Nuachta”. Ligimís don nuacht sní tharainn – má chaill tú píosa nuachta inné, nach cuma? Nach mó an tabhacht le nuacht an lae inniu?

Dar le blagadóir Luimní James Corbett, níl de dhíth orainn anseo ach gnáthchiall (eirepreneur.blogs.com). Táimíd de shíor ag glacadh eolais isteach sa ghnáth-shaol, ón nóiméad a saolaítear sinn. Ach ní thugfaimíd an áird céanna ar gach phíosa eolais. Molann sé rannú ar ár gcuid foinsí eolais – cuid a léitear, cuid nach dtugtar ach sracfhéachaint orthu, ar na ceannlínte, ó am go h-am.

Tugann James “feed grazing” ar an modh seo chun blaganna agus a leithéid a léamh. Agus anois tá sé ag obair le comhlacht i Meiriceá chun úirlisí a fhorbairt don “innilt” seo. Tá sampla desna h-úirlisí seo le feiscint ar mo shuíomh anois: fuinneog Grazr. Agus tá mo pholasaí nua léitheoireachta curtha i bhfeidhm agam sa bhfuinneog sin, le mo chuid fothaí eolais roinnte anois ina ndhá chuid: Reading agus Grazing.

Agus sinn ag caint ar bhlagadóireacht do scríobhnóirí le coicíos anuas, fuaireas scéala faoi dhá bhlag eile suimiúil. Tá blag an údair Éireannaigh Darren Shan ag darrenshan.blogdrive.com. Agus tá úrscéal do dhéagóirí dá fhoilsiú i bhfoirm sraithscéil ar an mblag mortalghost.blogspot.com.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Tír na nÓg le Hilary Bow
  • Tá Hilary ar chamchuairt:
    • Anocht, 1ú MF: The Glens Centre, Manorhamilton, Co. Leitrim (aoí speisialta Eamonn Galldubh ar na píobaí uillinn), 8:30pm, Oifig na dTicéad 071-98 55833
    • Amárach, 2ú MF: Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, 8:30pm, Oifig na dTicéad 091-593017
    • Dé hAoine 8ú MF, Triskel, Cathair Chorcaí (aoíonna speisialta Martin Nolan ar na píobaí uillinn agus feadóg, agus Karl Rooney ar saxophone agus fliúit), 8:30pm, Oifig na dTicéad 021-427 2022
    • Dé Sathairn 9ú MF, Mermaid Arts Centre, Bray, Co. Wicklow (aoíonna speisialta Martin Nolan ar na píobaí uillinn agus feadóg, Michael Buckley ar saxophone agus fliúit, Tommy Halferty ar an ngiotár), 8:00pm, Oifig na dTicéad 01-272 4030
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home