Monday, September 04, 2006

Imeall #166: An Scoil Phodchraolta

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Bhí an-shuim sna podchraoltaí a dheineamar ag Scoil Merriman.
  • Nár bhreá dá bhféadfadh leithéidí Chumann Merriman úsáid a bhaint as an nua-theicneolaíocht chun a gcuid léachtaí a chur fé bhráid phobal an idirlín?
  • Mar shampla - féach a bhfuil ar siúl ag IT Conversations.
  • Cad é bhúr meas? An mbeadh éileamh ar phodchraoltaí mar seo?
  • Ceol: Ga an Ghrá le caoinchead Hilary Bow. (Dátaí Camchuairte)
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

1 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

An-smaoineamh ar fad a Choinn, agus féach go bhfuil tús déanta agat féin leis an dtogra.

Lá éigin amach anseo, beidh fhios ag daoine go bhfuil an-chuid le foghlaim ó na daoine a d'imigh romhainn ach tochailt a dhéanamh agus gach a bhfuil curtha i gcré a thabhairt os cionn talún arís, mar a rinne Alan agus é ag labhairt faoin iománaíocht. B'aoibhinn liomsa éisteacht le hAlan agus tá fhios agam go bhfuil daoine eile ann atá ar aon dul leis. Táim ag súil go mbuailfidh tú leo agus go gcloisimid a nguthanna breátha leatsa ar an idirlíon, agus go mbeimid in ann iad a íoslódáil is a sheinnt arís agus arís eile gan focal a chailliúnt. Nár leaga Dia do ríomhaire a Choinn.

05 September, 2006 09:30  

Post a Comment

<< Home